Táirgí teicstíle: ainmneacha na snáithíní teicstíleacha agus lipéadú
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh 1007/2011 – ainmneacha na snáithíní, lipéadú agus marcáil ar chomhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíleacha
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?
Féachtar ann le gcuirtear tomaltóirí ar an eolas i gceart agus go bhfeidhmíonn margadh éadaí agus teicstílí AE go rianúil.
Leagtar síos sa rialachán seo na rialacha a bhaineann:
-
le hainmneacha na snáithíní teicstíleacha maidir lena sainmhíniú agus lena n-úsáid chun comhdhéanamh snáithín na dtáirgí teicstíleacha a léiriú;
-
le lipéadú na dtáirgí teicstíle a bhfuil páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch iontu;
-
lemodhanna anailíse chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar an lipéad nó ar na marcanna.
PRÍOMHPHOINTÍ
Baineann an dlí le:
-
táirgí atá déanta go hiomlán as snáithíní teicstíleacha, agus;
-
le táirgí inchurtha le táirgí teicstíle, mar shampla na táirgí ar snáithíní teicstíleacha 80 % ar a laghad dá meáchan.
Ní bhaineann an dlí le táirgí a chuirtear a gcúram ar dhaoine atá ag obair sa bhaile, ar ghnóthais neamhspleácha ná ar tháilliúirí féinfhostaithe.
Ainmneacha na snáithíní
Caithfidh an cur síos ar chomhdhéanamh snáithín na dtáirgí teicstíle úsáid a bhaint as na snáithíní teicstíleacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I den rialachán.
Féadfaidh monaróirí iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ainm nua snáithín a chur le hIarscríbhinn I den rialachán. Caithfidh siad comhad teicniúil a chur lena n-iarratas, agus é déanta de réir Iarscríbhinne II agus a bhfuil na híos-riachtanais liostaithe ann.
Léiriú ar chomhdhéanamh
-
Ní ceadmhach na téarmaí “100 %”, “íon” nó “ar fad” a úsáid ach do na táirgí atá déanta de shnáithín teicstíleach amháin.
-
Féadtar na téarmaí “olann nua” nó “olann lomra” (agus na téarmaí atá liostaithe in Iarscríbhinn III) a úsáid ar lipéid ar chuntar nach bhfuil an táirge déanta ach de shnáithín olla nár úsáideadh roimhe sin i dtáirge eile, agus nár sníomhadh í.
-
Caithfear ainm agus céatadán de réir maise na snáithíní uilig, in ord íslitheach, a chur ar lipéad na d táirgí atá déanta de shnáithíní éagsúla.
-
Má tá páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch (mar shampla strapa leathair ar mhála atá déanta de shnáithín) i dtáirge teicstíle, caithfear é a léiriú mar seo a leanas: Tá páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch ann.
Lipéadú agus marcáil na dtáirgí teicstíle
-
Nuair a dhíoltar táirgí teicstíle le tomhaltóir, ní mór lipéad nó marc a bheith orthu atá buan, soléite, sofheicthe agus inrochtana, a léiríonn a gcomhdhéanamh snáithín. Bíonn díoltóir an táirge freagrach as an lipéadú nó marcáil.
-
Maidir le táirgí a bhfuil dhá chomhpháirt teicstíle nó níos mó iontu, nach bhfuil an comhdhéanamh snáithín céanna acu, ní mór comhdhéanamh snáithín gach páirte a léiriú.
-
Ní mór don lipéadú a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla de chuid na tíre ina bhfuil an táirge á dhíol.
-
Níl an lipéadú riachtanach do na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn V.
Faireachas margaidh
Ní mór do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna tíortha AE scrúdú a dhéanamh ar chomhdhéanamh snáithín na dteicstílí, de réir na modhanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 8 Bealtaine 2012.
CÚLRA
Reachtaíocht um theicstílí agus éadach
GNÍOMH
Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lgh. 1–64
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1007/2011 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is de luach doiciméadach atá an leagan comhdhlúite seo amháin.
Nuashonraithe 30.11.2015