Plátaí clárúcháin cúil ar mhótarfheithiclí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1003/2010 — maidir le ceanglais chineálcheadaithe don spás le haghaidh gléasadh agus feistiú plátaí clárúcháin cúil ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos leis an rialachán na rialacha maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus a leantóirí i dtaca leis an spás le haghaidh plátaí clárúcháin cúil a ghléasadh agus a fheistiú. Tá sé ina chuid de chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus leantóirí.

Ceanglais maidir leis an spás le haghaidh plátaí clárúcháin cúil a ghléasadh agus a fheistiú.

Ní mór dromchla dronuilleogach réidh nó beagnach réidh a bheith sa spás le haghaidh pláta clárúcháin cúil a bheidh:

Soláthraítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2015/166 na ceanglais a bhaineann le pláta clárúcháin cúil a fheistiú:

Bunaítear leis an rialachán freisin nósanna imeachta tástála maidir le comhlíonadh.

Rialacha maidir le cineálcheadú AE

Ní mór do mhonaróir na feithicle iarratas a chur isteach ar chineálcheadú AE chuig an údarás inniúil. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san iarratas:

Má mheasann an t–údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais ar fad maidir leis an spás le haghaidh plátaí clárúcháin cúil a fheistiú, ní mór dó cineálcheadú AE a dheonú agus uimhir chineálcheadaithe a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 29 Samhain 2010.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1003/2010 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2010 maidir le ceanglais chineálcheadaithe don spás le haghaidh gléasadh agus feistiú plátaí clárúcháin cúil ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 291, 9.11.2010, lgh. 22-30)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1003/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2007/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 30.04.2019