Cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
D’fhonn líon agus déine díobhálacha a eascraíonn as timpistí bóthair a bhaineann le tosaigh feithiclí a laghdú, tugtar isteach leis ceanglais agus bearta chun cosaint níos fearr do choisithe agus d’úsáideoirí soghonta eile bóithre* a áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar síos sa rialachán ceanglais maidir le mótarfheithiclí a thógáil agus a oibriú agus córais chosanta tosaigh.
Cineálacha feithiclí a chumhdaítear
Tá feidhm ag an rialachán maidir le:
Oibleagáidí na monaróirí
Maidir le monaróirí:
Ní mór don mhonaróir iarratas ar chineálcheadú CE a chur faoi bhráid na n–údarás i bhfoirm doiciméid faisnéise ina bhfuil:
Oibleagáidí údarás thíortha AE
Ní dheonóidh údaráis náisiúnta cineálcheadú AE mura gcomhlíonann an córas cosanta tosaigh na ceanglais ábhartha atá leagtha síos sa rialachán seo. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeidh ar fheithiclí atá feistithe le córais seachanta imbhuailte na ceanglais sin a chomhlíonadh amach anseo, arna measúnú ag an gCoimisiún Eorpach.
Rialacha cur chun feidhme
Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 631/2009 ón gCoimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I den rialachán a bhaineann leis na ceanglais theicniúla is gá chun tástálacha a dhéanamh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 24 Samhain 2009 seachas:
CÚLRA
Chomh maith leis na bearta cineálcheadaithe a chumhdaítear i Rialachán (CE) Uimh. 78/2009, ghlac AE freisin Treoir 2010/40/AE — Córais chliste iompair a úsáid san Eoraip. D’éirigh le feidhmchláir sábháilteachta agus slándála ar bhóithre atá bunaithe ar chórais chliste iompair den sórt sin lena gcuid éifeachtúlachta a chruthú, ach braitheann an leas iomlán don tsochaí ar a n–úsáid ar bhonn níos leithne.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2003/102/CE agus Treoir 2005/66/CE (IO L 35, 4.2.2009, lgh. 1-31)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 78/2009 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir leis an gcreat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna iompair eile (IO L 207, 6.8.2010, lgh. 1-13)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 631/2009 an 22 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí maidir le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2003/102/ CE agus Treoir 2005/66/CE (IO L 195, 25.7.2009, lgh. 1-60)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a fhormheas (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 11.01.2019