Threoir 2009/110/CE — gnó an airgid leictreonaigh agus maoirseacht a dhéanamh air
Go ginearálta, is é is aidhm leis an treoir um airgead leictreonach:
Go sonrach, déantar rialacha AE ar ríomh-airgead a nuachóiriú inti, go háirithe an córas stuamachta d’institiúidí ríomh-airgid2 a chur ar aon dul leis na ceanglais d’institiúidí íocaíochta in PSD.
Tugtar ceanglais chomhréireacha stuamachta isteach inti chun rochtain ar an margadh do rannpháirtithe nuathagtha a éascú. Áirítear air sin an ceanglas caipitil tosaigh a laghdú go €350 000 agus rialacha úra ar chistí dílse a ríomh.
Áirítear ar na hinstitiúidí atá cumhdaithe faoi EMD bainc, institiúidí ríomh-airgid, an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta.
Áirítear ar na gníomhaíochtaí a cheadaítear d’institiúidí ríomh-airgid a dhéanamh seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus creidmheas a bhaineann leis na híocaíochtaí sin a dheonú.
I mí Dheireadh Fómhair 2015, ghlac AE treoir úr um sheirbhísí íocaíochta ar a dtugtar PSD2. Aisghairtear Treoir 2007/64/CE léi le héifeacht ón . Is éard is aidhm le PSD2 feabhas a chur ar shlándáil, rogha na dtomhaltóirí a leathnú agus coinneáil suas leis an nuálaíocht.
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an . Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin .
Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuama a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, , lgh. 7-17)
nuashonrú is deireanaí