Sainmhínítear leis na rialacha le haghaidh cineálcheadaithe1 maidir le mótarfheithiclí, innill agus páirteanna athsholáthair d’fheithiclí tromshaothair (leoraithe, busanna agus cóistí) maidir lena bhfeidhmíocht astaíochtaí. Leagtar amach ann freisin rialacha maidir le:
Ba cheart a thabhairt faoi deara ón , go bhfuil rialacha a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí — arna leagan amach sa rialachán seo ar dtús — le fáil i gCaibidil XIV de Rialachán (AE) 2018/858 (féach an achoimre).
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an rialachán seo maidir le mótarfheithiclí de chatagóirí M1, M2, N1 agus N2 ag a bhfuil mais thagartha níos mó ná 2 610 kg, agus do gach mótarfheithicil de chatagóirí M3 agus N3, mar a shainítear i Rialachán (AE) 2018/858.
Oibleagáidí na monaróirí
Ní mór do mhonaróirí:
bheith in ann a léiriú go bhfuil gach feithicil, inneall nó páirt spártha nua a dhíoltar, a chláraítear nó a chuirtear i seirbhís san Aontas Eorpach (AE) cineál-cheadaithe i gcomhréir leis an rialachán seo;
bearta teicniúla a ghlacadh chun teorannú éifeachtach astaíochtaí sceite a ráthú ar feadh ghnáthré na bhfeithiclí faoi ghnáthchoinníollacha úsáide.
Ceanglais agus tástálacha
Ní mór do mhonaróirí a gcuid feithiclí nó a gcuid inneall a threalmhú le comhpháirteanna lena gcomhlíontar na teorainneacha astaíochtaí atá leagtha síos in Iarscríbhinn I leis an rialachán seo, faoi choinníollacha arna sonrú ag an gCoimisiún Eorpach sa rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme.
Tráthchlár
Ní foláir nó nach ndeonfaidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú AE nó cineálcheadú náisiúnta le haghaidh feithiclí nach gcomhlíonann an rialachán seo ón , agus caithfidh siad cosc a chur ar chlárú feithiclí nua nach gcomhlíonann an rialachán seo ón .
Dreasachtaí airgeadais
D’fhéadfadh Ballstáit AE dreasachtaí airgeadais a dheonú maidir le ceannach mótarfheithiclí a tháirgtear i sraith a chomhlíonann an Rialachán seo go dtí an . Féadfar bearta iarfheistithe a bhreithniú freisin, chun mótarfheithiclí atá in úsáid a chur in oiriúint nó chun iad a dhiúscairt.
Beidh méid na ndreasachtaí airgeadais comhionann le costas breise na mbeart teicniúil a tugadh isteach chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an fheithicil na teorainneacha astaíochtaí.
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 582/2011ceanglais theicniúla ar leith maidir le feithiclí tromshaothair a cheadú i ndáil le hastaíochtaí agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí. Leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta agus cumhdaítear leis gnéithe amhail:
rialacha maidir le cineálcheadú ilchéime, oiriúnuithe custaiméirí, monaróirí ísealtáirgeachta agus córais tabhartha anonn;
ceanglas lena áiritheofar go bhfuil diagnóisic ar bord feistithe ar bord gach córais inneall agus feithiclí;
comhréireacht na táirgeachta;
comhréireacht inseirbhíse;
bearta feabhais i gcás neamhchomhlíonta;
ceanglais chun astaíochtaí lasmuigh den timthriall a theorannú;
gairis rialaithe truaillithe;
ceanglais mhionsonraithe maidir le cineálcheadú;
rialacha maidir le cineálcheadú AE maidir le:
córas innill nó aicme inneall2 mar aonad teicniúil faoi leith maidir le hastaíochtaí,
feithicil maidir le hastaíochtaí,
cineál feiste rialaithe truaillithe athsholáthair mar aonad teicniúil ar leithligh.
Le Rialachán (AE) Uimh. 2017/2400 (féach an achoimre) comhlánaítear na rialacha dlíthiúla arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011. Leagtar síos ann na rialacha maidir le:
comhpháirteanna leoraí a dheimhniúle tionchar ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí;
ceadúnais chun insamhaltaí a dhéanamh a eisiúint chun astaíochtaí CO2 a chinneadh chomh maith le hídiú breosla feithiclí nua atá le díol, le clárú nó le cur i seirbhís in AE;
uirlisí insamhalta a úsáid agus na hastaíochtaí CO2 agus na luachanna ídithe breosla a gcinntear leo a dhearbhú.
Cuimsítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 rialacha a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir lena dtionchar ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón . Ní raibh feidhm, áfach, ag cuid de na leasuithe ar Threoir 2007/46/CE a áirítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ach ón .
Cineálcheadú. An nós imeachta trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh ceanglais dhlíthiúla áirithe.
Aicme inneall. Grúpáil cineálacha innill de chuid monaróra a bhfuil tréithe astaíochtaí sceite comhchosúla acu, agus a n urramaíonn na luachanna teorann astaíochtaí is infheidhme.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, , lgh. 1-13).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir leis an tionchar atá acu ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (IO L 205, , lgh. 145-206).
Rialachán (AE) 2017/2400 an ón gCoimisiún lena gcuirtear chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair a chinneadh agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, , lgh. 1-247).
Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, , lgh. 1-643).
Rialachán (AE) Uimh. 136/2014 ón gCoimisiún an lena leasaítear Treoir 2007/46 /CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) (IO L 43, , lgh. 12-46).
Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an lena cuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, , lgh. 1-168).