Rialacháin teicniúla náisiúnta agus saorghluaiseacht earraí
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 — nósanna imeachta a bhaineann le cur i bhfeidhm rialachán teicniúil náisiúnta áirithe ar tháirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i dtír eile AE
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar shaorghluaiseacht earraí in AE.
- Leagtar amach ann rialacha agus nósanna imeachta nach mór d’údaráis thíortha AE cloí leo nuair a dhéanann siad cinneadh nó nuair atá sé beartaithe acu cinneadh a dhéanamh lena bhféadfaí bac a chur ar shaorghluaiseacht earraí táirge a chuirtear ar an margadh go dleathach i dtír eile AE agus nach bhfuil cumhdaithe faoi rialacha comhchuibhithe ar leibhéal AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an rialachán maidir le cinntí riaracháin a bhunaítear ar riail theicniúil a bhfuil na héifeachtaí díreacha nó indíreacha seo a leanas mar thoradh orthu:
- toirmeasc ar tháirge a chur ar an margadh;
- mionathrú nó tástáil bhreise ar an táirge sin sular féidir é a chur ar an margadh;
- aistarraingt an táirge sin.
Níl feidhm ag an rialachán seo maidir le:
Nósanna imeachta
Cuimsítear faoin rialachán seo an measúnú ar chomhréireacht táirge le rialacha teicniúla náisiúnta. Ní mór do na húdaráis inniúla i dtíortha AE cloí leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le:
- faisnéis a bhailiú faoin táirge lena mbaineann;
- aitheantas deimhnithe nó tuarascálacha tástála arna n–eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (creidiúnú agus faireachas margaidh): Ní fhéadfaidh tíortha AE deimhnithe nó tuarascálacha tástála a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin;
- meastóireacht ar an ngá atá le riail theicniúil a chur i bhfeidhm: ba cheart an cinneadh a bhunú ar ghnéithe teicniúla nó eolaíocha lena gcruthaítear comhréireacht an bhirt atá beartaithe, a chur in iúl don fhiontar lena mbaineann agus féadfaidh agóid dhlíthiúil a dhéanamh ina choinne;
- fionraí sealadach maidir le táirge a chur ar an margadh: tá toirmeasc air sin le linn an nós imeachta meastóireachta, ach amháin i gcásanna go mbaineann riosca tromchúiseach leis an táirge nó go bhfuil sé toirmiscthe i dtír AE ar fhorais na moráltachta poiblí nó na slándála poiblí.
Pointí teagmhála táirgí
Ní mór do gach tír AE pointe teagmhála táirgí amháin nó níos mó a ainmniú ina gcríocha agus a sonraí teagmhála a chur in iúl don Choimisiún Eorpach agus do thíortha eile AE. Soláthraítear faisnéis ag na pointí sin maidir le:
- na rialacha teicniúla atá i bhfeidhm sa chríoch ina bhfuil siad bunaithe;
- sonraí teagmhála na n–údarás inniúil, agus
- na feabhsúcháin atá ar fáil.
Tuarascálacha agus athbhreithniú
Ní mór do thíortha AE tuarascáil a thabhairt don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin gach bliain. Ní mór don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an rialacháin seo gach 5 bliana agus liosta táirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíochta comhchuibhithe AE a fhoilsiú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 13 Bealtaine 2009.
CÚLRA
Aisghairtear Treoir 3052/95/CE leis an rialachán seo agus cuirtear an rialachán seo in ionad na Treorach sin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le cur chun feidhme rialachán teicniúil náisiúnta áirithe maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 21-29)
Nuashonraithe 01.08.2018