Gnéithe comhshaoil a chomhtháthú i gcaighdeánú Eorpach
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COIM(2004) 130 leagan deireanach) – Gnéithe Comhshaoil a Chomhtháthú i gCaighdeánú Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
Féachtar inti lena chinntiú go ndéanfar na gnéithe comhshaoil a chomhtháthú ar bhealach níos córasaí i gcaighdeáin Eorpacha agus go gcuirfidh gach duine atá bainteach leis na caighdeáin sin a thiomsú cosaint an chomhshaoil san áireamh.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Le caighdeánú Eorpach is féidir caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe a chur i bhfeidhm i measc thíortha an Aontais Eorpaigh (AE). Éascaíonn sé trádáil sa mhargadh aonair dá réir sin.
-
Tá páirt ag caighdeánú i gceapadh beartais AE agus scaipeadh eolais theicniúil. Trí ghnéithe comhshaoil a chomhtháthú, féadfaidh caighdeáin cur le forbairt inbhuanaithe agus leis na beartais AE lena mbaineann.
Forbairtí i gcaighdeánú Eorpach
-
Doiciméid dheonacha is ea caighdeáin Eorpacha a thiomsaíonn na heagraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta um chaighdeáin. Tá an obair seo bunaithe ar phróiseas réamhgníomhach agus ar chomhthoil i measc na bpáirtithe leasmhara ar fad.
-
Déantar an próiseas chun caighdeáin a thiomsú faoi chur chuige úr maidir le comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil.
-
Cumhdaítear líon earnálacha atá ag méadú faoi chaighdeánú. Meastar gur uirlis í atá úsáideach do chosaint an chomhshaoil, a mhéid is:
-
go bhfuil tionchar aige ar an dóigh a dtéann táirgí agus seirbhísí i gcion ar an gcomhshaol, go háirithe i gcomhthéacs phlean gníomhaíochta an Gheilleagair Chiorclaigh;
-
cuirtear modhanna tástála agus modhanna tomhais chun feidhme leis chun forfheidhmiú na reachtaíochta um chomhshaol a éascú. Is é sin an cás le caighdeáin chothrománacha a úsáidtear chun tomhas leibhéal truailleán i sloda, agus in ithir nó bithdhramhaíl a shimpliú;
-
cuirtear chun cinn leis úsáid na dteicneolaíochtaí comhshaoil agus tacaíonn sé le tionscnaimh lena bhfuil tairbhí comhshaoil. Is féidir le caighdeánú, mar shampla, cuidiú le margaíocht teicneolaíochtaí amhail micrea-chomhghiniúint, lenar féidir teas agus leictreachas a fhorbairt i bhfoirgneamh ag an am céanna;
-
dréachtaítear caighdeáin um bainistíocht ar an gcomhshaol leis lena bhfuil sé d’aidhm feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil gnólachtaí, amhail sraith 14000 de chaighdeáin idirnáisiúnta na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO).
-
D’fhéadfadh forbairt caighdeán idirnáisiúnta a bheith mar thoradh ar chumas na hEorpa caighdeáin um chomhshaol a chruthú.
Caighdeáin um chomhshaol
-
Féadfar feabhas a chur ar cháilíocht chomhshaoil na gcaighdeán a tháirgtear in AE. Cuirtear aird faoi leith chomh maith ar cháilíocht na gcaighdeán a dhréachtaítear sna tíortha aontacha. Is é an phríomhaidhm:
-
feabhas a chur ar oiliúint chomhshaoil na saineolaithe a thiomsaíonn nó a athbhreithníonn caighdeáin Eorpacha agus rochtain a thabhairt do gach páirtí leasmhara ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Ba cheart scaipeadh an eolais theicniúil a spreagadh ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal náisiúnta;
-
tosaíochtaí a leagan síos maidir leis na topaicí atá le plé, ag cur san áireamh ceisteanna de leas poiblí maidir le beartas comhshaoil AE. Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach úsáid a bhaint as sainordú an chaighdeánaithe Eorpaigh chun na tosaíochtaí sin a shonrú;
-
rannpháirtíocht ghníomhach gach páirtí a bhaineann le caighdeánú a chur chun cinn. Oibríonn na comhlachtaí um chaighdeánú Eorpach amhail an Coiste Eorpach um Chaighdéanú (CEN) agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) ar bhonn na dtoscaireachtaí náisiúnta. Dá réir sin ba cheart do thíortha AE tacaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus an phobail eolaíoch sa próiseas maidir le caighdeáin a dhréachtú. Tá an cuspóir céanna á shaothrú ag an gCoimisiún trí oibriú le chéile le cuibhreannais ECOS na n-eagraíochtaí comhshaoil;
-
úsáid chórasach a bhaint as uirlisí lena gcuidítear le gnéithe comhshaoil a chomhtháthú i gcaighdeánú. Tionólfar cruinnithe rialta chun taithí a mhalartú agus an dul chun cinn a rinneadh a mheas.
Dreasachtaí
-
Is mian leis an gCoimisiún úsáid chórasach na n-uirlisí comhtháthaithe is éifeachtaí a spreagadh. D’fhorbair na comhlachtaí um chaighdeánú Eorpach uirlisí sonracha ar nós:
-
grúpaí oibre a bheidh tiomanta don chomhshaol;
-
boird chomhairleacha theicniúla;
-
bunachair shonraí comhshaoil;
-
treoracha agus seicliostaí earnála scríofa ag saineolaithe do shaineolaithe.
-
Beidh na páirtithe leasmhara sa phróiseas caighdeánaithe bainteach ar bhonn deonach. Chun iomadú na gcaighdeán um chomhshaol a chinntiú, is gá feabhas a chur ar a n-ábharthacht mhargaidh.
CÚLRA
-
Nuair a ghlacadh Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Chomhphobail in 2002, mhol an Coimisiún go gcuirfí cosaint an chomhshaoil san áireamh i ngníomhaíochtaí um chaighdeánú.
-
Dréachtaíonn an teachtaireacht seo i ndiaidh comhairliúchán Idirlín. Bhí an deis ag ionadaithe ón lucht gnó agus tionscail, ENRanna, údaráis phoiblí agus eagraíochtaí um chaighdeánú a dtuairimí a thabhairt maidir leis an dóigh is fearr le beart a dhéanamh don chomhshaol.
-
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún ar an ngeilleagar ciorclach cuirtear béim ar thábhacht na gcaighdeán maidir le tacú le geilleagar níos ciorclaí a chruthú. Go sonrach, tá gá ann le caighdeáin a fhorbairt i roinnt réimsí tosaíochta, amhail
-
caighdeáin um éifeachtacht ábhair chun tacú le cur chun feidhme na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht,
-
caighdeáin d’amhábhair thánaisteacha, chomh maith le hathchúrsáil éifeachtacht ábhair na dramhaíola leictreonaí, ceallraí dramhaíola agus táirgí casta ábhartha eile ag deireadh a ré.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Gnéithe Comhshaoil a Chomhtháthú i gCaighdeánú Eorpach (COIM(2004) 130 leagan deireanach, 25.2.2004)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Conclúidí ón gComhairle an 1 Márta 2002 maidir le caighdeánú (IO C 66, 15.3.2002, lgh. 1-2
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh i ndiaidh na rún maidir le caighdeánú Eorpach arna glacadh ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa i 1999 (COIM(2001) 527 leagan deireanach, 26.9.2001)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Lúb a Dhúnadh - Plean Gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach (COM(2015) 614 final, 2.12.2015)
Nuashonraithe 22.02.2017