Comhaontuithe le Ceanada maidir le cúrsaí custam

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/18/CE ón gComhairle chun comhaontú AE-Ceanada a chur i gcrích maidir le cúrsaí custam

Comhaontú AE-Ceanada maidir le cúrsaí custam

Cinneadh 2014/941/AE ón gComhairle maidir le slándáil an tslabhra soláthair

Comhaontú AE-Ceanada maidir le slándáil an tslabhra soláthair

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS NA COMHAONTUITHE?

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhaontú AE-Ceanada maidir le cúrsaí custam

Comhoibriú custam

Glacann na páirtithe mar chúram orthu comhoibriú i leith custam a fhorbairt trí na nithe a leanas:

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

Glacann na páirtithe mar chúram cuidiú lena chéile, ar iarratas nó ar a gconlán féin. Déanann siad gach faisnéis iomchuí a chomhroinnt a chuidíonn lena chinntiú reachtaíocht custam a chur i bhfeidhm i gceart agus go ndéantar aon sárú reachtaíochta a chosc agus a chomhrac. Chun sin a bhaint amach, cuireann siad aon teicnící nua um fhorfheidhmiú an dlí in iúl dá chéile, mar aon le treochtaí agus modhanna nua maidir le sáruithe ar reachtaíocht custam a dhéanamh.

Soláthraíonn na húdaráis custam faisnéis dá chéile freisin maidir le hoibríochtaí, arna gcur i gcrích nó atá beartaithe, arb ionann iad, dar leo, agus sárú reachtaíochta custam i gcríoch an pháirtí chonarthaigh eile.

Cúnamh ar iarratas

Cuireann an t–údarás iarrtha2 in iúl don údarás is iarratasóir3 maidir leis an reachtaíocht agus na nósanna imeachta custam is infheidhme sa chríoch dá chuid agus atá ábhartha d’fhiosrúcháin a bhaineann le sárú reachtaíochta custam. D’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ag baint le dlíthiúlacht na nósanna imeachta chun earraí a onnmhairiú agus a allmhairiú idir an dá pháirtí chonarthacha agus leis an nós imeachta custam a chuirtear i bhfeidhm.

Déantar foráil sa chomhaontú freisin maidir le faireachas speisialta ar dhaoine a rinne sárú ar reachtaíocht custam nó nuair atá amhras ann go ndearna siad sárú. Féadtar an faireachas sin a chur i bhfeidhm maidir le hearraí as a dtagann gáinneáil aindleathach agus leis an iompar agus áitreabh arna n–úsáid chun na críche sin.

Cúnamh ar an toirt

Féadfaidh ceann amháin den dá pháirtí faisnéis a sholáthar ar a chonlán féin i gcásanna tromchúiseacha lena bhféadfaí damáiste substaintiúil a bheith i gceist don gheilleagar, sláinte phoiblí, slándáil phoiblí nó do leas ríthábhachtach ar bith an pháirtí chonarthaigh eile.

Gnéithe foirmiúla agus eisceachtaí maidir le cúnamh

Comhoibriú custam maidir le slándáil an tslabhra soláthair

CATHAIN A THAGANN NA CINNTÍ AGUS NA COMHAONTUITHE I BHFEIDHM?

Tá Cinneadh 98/18/CE i bhfeidhm ón . Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an .

Tá Cinneadh 2014/94/AE i bhfeidhm ón . Tháinig an comhaontú maidir le slándáil an tslabhra soláthair i bhfeidhm an .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Reachtaíocht custam: san AE, áirítear na rialacha uile léi lena rialaítear allmhairiú, onnmhairiú agus iompar earraí agus iad a chur faoi aon nós imeachta custam, lena n–áirítear bearta toirmisc, srianta agus rialaithe. I gCeanada, tá an sainmhíniú níos leithne. Áirítear léi na rialacha reachtúla agus rialála uile sa réimse sin, a ndéantar an riarachán agus an forfheidhmiú ina leith a chur mar chúram sainiúil ar an údarás custam, eadhon rannóga inniúla Ranna an Ioncaim Náisiúnta, chomh maith le haon rialacháin arna nglacadh ag an údarás custam faoi na cumhachtaí reachtúla dá chuid.
  2. An t–údarás iarrtha: an t–údarás custam inniúil a fhaigheann iarratas ar chúnamh.
  3. An t–údarás is iarratasóir: an t–údarás custam inniúil a dhéanann an t–iarratas ar chúnamh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 98/18/CE ón gComhairle an maidir le Comhaontú a chur i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le comhoibriú custam agus cúnamh frithpháirteach i dtaca le cúrsaí custam (IO L 7, , lch. 37)

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le comhoibriú custam agus cúnamh frithpháirteach i dtaca le cúrsaí custam (IO L 7, , lgh. 38-45)

Cinneadh 2014/941/AE ón gComhairle an maidir le Comhaontú idir an Aontas Eorpach agus Ceanada a chur i gcrích maidir le comhoibriú custam i dtaca le cúrsaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair (IO L 367, ,lgh. 8-9)

Comhaontú idir an Aontas Eorpach agus Ceanada maidir le comhoibriú custam i dtaca le cúrsaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair (IO L 367, , lgh. 10-13)

nuashonrú is deireanaí