Formáid AE i gcomhair ceadanna cónaithe

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 — formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh neamh–AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe, agus an fhaisnéis nach mór a bheith iontu, do náisiúnaigh neamh–AE atá ina gcónaí go dlíthiúil in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 maidir le comhtháthú na n–aitheantóirí bithmhéadracha1 san fhormáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe.

Toisc go bhfuil an fhormáid reatha le haghaidh ceadanna cónaithe á húsáid ar feadh os cionn 20 bliain, glacadh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954.

Tugtar isteach leis teimpléad aonfhoirmeach úr le haghaidh ceadanna ar a bhfuil gnéithe slándála úra chun brionnú a chosc. Cuirtear na híomhánna agus sonraíochtaí an téacs atá cuimsithe san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 in ionad na gceann atá i rialachán bunaidh 2002. Beidh idirthréimhse 6 mhí ag tíortha AE chun stoic na gceadanna cónaithe atá ann a úsáid.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón .

Beidh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 15 mhí i ndiaidh don Choimisiún Eorpach sonraíochtaí teicniúla úra a ghlacadh i gcomhair ceadanna cónaithe.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Aitheantóirí bithmhéadracha: an úsáid as saintréith fhisiceach amháin nó níos mó de dhuine aonair (méarloirg, struchtúr na haghaidhe, imreasc), a stóráiltear ar mheán amhail cárta cliste, barrachód nó doiciméad, chun aitheantas an duine a bheidh an doiciméad á chur i láthair aige nó aici a sheiceáil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 157, , lgh. 1-7)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí