Is ionann é sin agus bunachar sonraí leictreonach a bhfuil fáil ag an bpobal air de phríomhshonraí comhshaoil ó shaoráidí tionsclaíocha san Eoraip.
In 2019, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1010/2019 chun na ceanglais tuairiscithe i reachtaíocht um chomhshaol an Aontais Eorpaigh a ailíniú agus a chuíchóiriú. I measc nithe eile, tugtar cumhachtaí leis an rialachán leasaitheach don Choimisiún Eorpachgníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear cineál, formáid agus minicíocht na faisnéise a thuairisceofar faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006.
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 tugadh isteach athruithe a bhaineann le PRTR Eorpach de thoradh Rialachán (AE) Uimh. 1010/2019.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá PRTR Eorpach ar fáil don phobal saor in aisce ar an idirlíon. Is féidir an fhaisnéis atá ann a chuardach ag baint úsáid as critéir éagsúla (cineál truailleáin, suíomh geografach, comhshaol atá buailte, saoráid foinsí, etc.).
Ábhar an PRTR Eorpach
Tá faisnéis sa chlár maidir le scaoileadh truailleán san aer, san uisce agus sa talamh, chomh maith le haistrithe as an láithreán de thruailleáin a fhaightear i bhfuíolluisce agus i ndramhaíl. Clúdaítear 91 truailleán sa chlár mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, lena n–áirítear gáis cheaptha teasa, miotail throma, lotnaidicídí, agus substaintí orgánacha clóirínithe.
Tá sé ceangailte scaoileadh a thuairisciú i gcás go sáraíonn sé tairseach áirithe agus go dtagann sé as ceann de na 65 ghníomhaíocht atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006. Tá formhór na ngníomhaíochtaí sin rialaithe faoi Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha chomh maith (féach an achoimre) agus cuimsítear leo, go sonrach, na saoráidí atá clúdaithe sna hearnálacha a leanas:
táirgeadh fuinnimh,
táirgeadh agus próiseáil miotal,
an tionscal mianraí,
an tionscal ceimiceán,
bainistíocht uisce agus fuíolluisce,
táirgeadh agus próiseáil páipéir agus adhmaid,
diantáirgeadh beostoic agus dian-dobharshaothrú,
táirgí ainmhithe agus glasraí ón earnáil bia agus deochanna, agus
gníomhaíochtaí eile e.g. teicstílí a tháirgeadh, súdaireacht.
Nuair atá fáil uirthi, soláthraítear faisnéis sa chlár chomh maith maidir le scaoileadh ó fhoinsí idirleata aeir agus ó fhoinsí idirleata uisce.
An dóigh a n-oibríonn PRTR Eorpach
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1010:
ceanglaítear ar oibreoirí gach saoráide tionsclaíche faisnéis a chur chuig a n–údarás náisiúnta inniúil maidir leis na truailleáin a scaoileann agus a aistríonn siad gach bliain. Clúdaítear san fhaisnéis sin truailleáin san aer, san uisce agus sa talamh, chomh maith le haistrithe as an láithreán de thruailleáin a fhaightear i bhfuíolluisce agus i ndramhaíl.
ceanglaítear ar thíortha AE ar an leibhéal náisiúnta an fhaisnéis sin a thiomsú agus a sheiceáil;
ceanglaítear ar údaráis náisiúnta an fhaisnéis sin a chur trí aistriú leictreonach chuig an gCoimisiún laistigh de 11 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe;
ceanglaítear ar an gCoimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Comhshaoil Eorpach, an fhaisnéis a thuairiscíonn tíortha AE, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an tSeirbia agus an Eilvéis a chuimsiú sa PRTR Eorpach laistigh de 1 mhí.
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741:
sonraítear an fhormáid leictreonach a fhorbróidh tíortha AE don phróiseas tuairiscithe sin, chomh maith leis an bhfaisnéis a chuirfidh tíortha AE ar fáil;
mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn leis an gcinneadh, bhí an fhaisnéis le cur isteach ar dtús le haghaidh na tréimhse tuairiscithe 2019;
ní foláir go bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis atá in Ailt 1 go 4 den Iarscríbhinn, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair den bhliain tuairiscithe ina dhiaidh sin;
ní foláir go bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis atá in Ailt 5 go 10 den Iarscríbhinn, tráth nach déanaí ná an 30 Samhain den bhliain tuairiscithe ina dhiaidh sin;
ní mór athbhreithniú a dhéanamh uirthi faoin chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht an dul chun cinn i dtreo cuspóir sonraí PRTR Eorpaigh a bhí ar fáil don phobal níos luaithe.
Leis na leasuithe sin laghdaítear cuimsiú na faisnéise a thuairiscíonn tíortha AE sa PRTR Eorpach ó 16 mhí go 12 mhí, agus ar an tslí sin is féidir leis an bpobal rochtain níos tapa a fháil ar an bhfaisnéis sin.
Rannpháirtíocht phoiblí
Príomhionstraim is ea an rialachán maidir le ceanglais choinbhinsiún Aarhus a sholáthar toisc go gcuirtear deis ar fáil don phobal leis bheith páirteach i gcinnteoireacht.
Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE (IO L 33, , lgh. 1-17)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún an lena mbunaítear formáid agus minicíocht na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil chun críocha tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus 96/61/CE (IO L 267, , lgh. 3-8)
Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hailíniú oibleagáidí tuairiscithe i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (IO L 170, , lgh. 115-127)
Prótacal maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (IO L 32, , lgh. 56-79)
Cinneadh 2006/61/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal UNECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (IO L 32, , lgh. 54-55)