Leagtar síos rialacha inti atá bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ciallaíonn sé sin go mbeidh cuideachta a dhéanfaidh damáiste don chomhshaol dlite ina leith agus ní mór di an gníomh coisctheach nó leigheasta is gá a dhéanamh agus íoc as na costais ghaolmhara go léir.
Sainítear damáiste don chomhshaol sa treoir mar:
Áirítear leis an sainmhíniú scaoileadh truailleán isteach san aer (toisc go dtéann sé sin i gcion ar dhálaí talún agus uisce), uisce dromchla agus screamhuisce intíre, agus aon scaoileadh d’aon turas isteach sa chomhshaol d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar atá sainithe le Treoir 2001/18/CE.
Tá dhá chás ina dtarlaíonn dliteanas:
I measc na n–eisceachtaí, tá coimhlint armtha, tubaiste nádúrtha, dliteanas as cineálacha damáiste comhshaoil atá cumhdaithe i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta (e.g. truailliú muirí), agus riosca núicléacha, atá cumhdaithe i gConradh Euratom.
Ní mór don chuideachta íoc as bearta coisctheacha agus bearta leigheasta, seachas i gcásanna áirithe, e.g. má rinne tríú páirtí an damáiste in ainneoin na mbeart sábháilteachta iomchuí, nó má tharla sé mar thoradh ar threoir oifigiúil a chomhlíonadh.
Leasaíodh an treoir in 2019 le Rialachán (AE) 2019/1010 lena n–ailínítear agus lena gcuíchóirítear oibleagáidí tuairiscithe i réimse an dlí comhshaoil. Is iad seo a leanas na rialacha úra a tugadh isteach, agus atá i bhfeidhm ón .
Tá feidhm léi ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (IO L 143, , lgh. 56-75)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/35/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin
nuashonrú is deireanaí