Rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus)

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus)

Cinneadh 2005/370/CE — tabhairt chun críche Choinbhinsiún Aarhus

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Le Coinbhinsiún Aarhus tugtar an ceart do bhaill an phobail (daoine aonair agus eagraíochtaí a ndéanann ionadaíocht ar a son) faisnéis faoi chúrsaí comhshaoil a rochtain agus páirt a ghlacadh i gcinntí a dhéantar maidir le cúrsaí comhshaoil, chomh maith le cúiteamh a lorg mura dtugtar urramú do na cearta sin.

Faomhtar Coinbhinsiún Aarhus leis an gcinneadh (arna shíniú ag an gComhphobal Eorpach — an tAontas Eorpach (AE) anois agus tíortha AE in 1998) thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an coinbhinsiún, atá i bhfeidhm ón , bunaithe ar an tuiscint go gcuirfear feabhas ar chosaint an chomhshaoil le feasacht níos fearr ag an bpobal ar chúrsaí comhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí níos mó i gcúrsaí comhshaoil. Tá sé ceaptha chun ceart gach uile dhuine den ghlúin seo agus de na glúnta amach anseo maireachtáil i dtimpeallacht a oireann dá sláinte agus dá bhfolláine. Chun na críche sin, déantar soláthar sa choinbhinsiún le haghaidh gnímh i 3 réimse:

Tá institiúidí AE cumhdaithe faoin sainmhíniú ar údarás poiblí laistigh de bhrí an choinbhinsiúin, ar aon bhonn le húdaráis náisiúnta nó áitiúla.

Chomhaontaigh na páirtithe a shínigh an coinbhinsiún na cearta agus na hoibleagáidí atá liostaithe a chur i bhfeidhm:

Rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol

Leagtar síos sa choinbhinsiún na cearta agus dualgais bheachta maidir le rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear spriocdhátaí le haghaidh faisnéis a chur ar fáil agus na forais lenar féidir le húdaráis phoiblí rochtain ar chineálacha áirithe faisnéise a dhiúltú.

Féadfar rochtain a dhiúltú i 3 chás:

Féadfar iarratais a dhiúltú chomh maith ar fhorais rúndacht imeachtaí údarás poiblí, na cosanta náisiúnta agus na slándála poiblí, chun cúrsa an cheartais a chur chun cinn nó chun urramú a thabhairt do:

Toisc go bhféadfadh sé go mbeadh an nochtadh faisnéise ar mhaithe le leas an phobail, ní mór na forais sin go léir do dhiúltú a léirmhíniú ar bhealach sriantach.

Le cinneadh rochtain a dhiúltú ní mór na cúiseanna leis an diúltú a shonrú agus na cineálacha achomhairc atá ar fáil don iarratasóir a léiriú.

Ní mór do na húdaráis phoiblí an fhaisnéis a shealbhaíonn siad a choinneáil cothrom le dáta, agus chun na críche sin liostaí, cláir agus comhaid a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu a bhunú. Maidir leis sin, spreagtar na comhlachtaí sin chun úsáid de réir a chéile a bhaint as bunachair shonraí leictreonacha ina bhfuil tuarascálacha maidir le staid an chomhshaoil, reachtaíocht, pleananna agus beartais náisiúnta agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta.

In 2003, ghlac tíortha AE Treoir 2003/4/CE maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil. Bhí sé le corprú sa dlí náisiúnta faoin .

In 2006, ghlac AE Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 lena gceanglaítear ar institiúidí agus ar chomhlachtaí AE na hoibleagáidí arna gcuimsiú i gCoinbhinsiún Aarhus a chur chun feidhme.

Rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht faoi chúrsaí comhshaoil

Baineann an dara leath den choinbhinsiún le rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht. Ní mór é sin a áirithiú tríd an nós imeachta údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha áirithe (de chineál tionsclaíoch go príomha) atá liostaithe in Iarscríbhinn I leis an gCoinbhinsiún. Sa chinneadh deiridh chun an ghníomhaíocht a údarú ní mór aird chuí a thabhairt ar thoradh na rannpháirtíochta poiblí.

Ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl don phobal, ag céim luath sa nós imeachta cinnteoireachta:

Ba cheart go n-éascódh na hachair ama nós imeachta fíor-rannpháirtíocht phoiblí.

Cuireadh nós imeachta athchóirithe ar bun chun pleananna agus cláir maidir leis an gcomhshaoil a cheapadh.

Iarrtar sa choinbhinsiún chomh maith ar shínitheoirí rannpháirtíocht phoiblí a chur chun cinn in ullmhú beartas maidir leis an gcomhshaol chomh maith le caighdeáin agus reachtaíocht a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an gcomhshaol.

In 2003, ghlac tíortha AE Treoir 2003/35/CE maidir le rannpháirtíocht phoiblí i ndáil le pleananna agus cláir áirithe a cheapadh a bhaineann leis an gcomhshaol.

In 2006, cuireadh san áireamh i gCinneadh 2006/957/CE ón gComhairle leasú ar an gcoinbhinsiún lena méadaítear an rannpháirtíocht phoiblí i gcinntí a bhaineann le scaoileadh OGManna d’aon turas isteach sa chomhshaol. Ar leibhéal AE, tá an ceanglas sin comhlíonta cheana le hairteagail áirithe i dTreoir 2001/18/CE maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe.

Tá rialacha i roinnt eile de Threoracha AE maidir leis an gcomhshaol ar rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol. Áirítear leo sin Treoir 2001/42/CE agus an Chreat-treoir Uisce (Treoir 2000/60/CE).

Rochtain ar cheart i gcúrsaí comhshaoil

Maidir le gach duine a cheapann gur cuireadh isteach ar a gcearta ar rochtain ar fhaisnéis (e.g. go ndearnadh neamhaird ar iarratas ar fhaisnéis, gur diúltaíodh go héagórach é nó nár tugadh freagra imleor air) ní foláir nó go mbeidh rochtain acu, sna cúinsí iomchuí, ar nós imeachta athbhreithnithe faoin reachtaíocht náisiúnta.

Cinntítear rochtain ar cheartas chomh maith i gcás go sáraítear nós imeachta rannpháirtíochta an choinbhinsiúin. Ceadaítear rochtain ar cheartas chomh maith le haghaidh réiteach díospóidí a bhaineann le gníomhartha nó neamhghníomhartha daoine príobháideacha agus údarás poiblí lena sáraítear na rialacha náisiúnta a bhaineann leis an gcomhshaol.

Tá forálacha i dTreoir 2003/4/CE agus i dTreoir 2003/35/CE maidir le rochtain ar cheartas. Aistarraingíodh togra 2003 le haghaidh treorach maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil in 2014 mar chuid de sheiceáil oiriúnachta an Choimisiúin Eorpaigh ar dhlí AE (dá ngairtear REFIT (Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála)).

I mí Aibreáin 2017, ghlac an Coimisiún doiciméad treorach maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil. Leis sin soiléirítear an dóigh ar féidir le daoine aonair agus cumainn cur i gcoinne cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha a dhéanann údaráis phoiblí a bhaineann le dlí AE um chomhshaol os comhair cúirteanna náisiúnta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOINBHINSIÚIN AGUS AN CHINNIDH?

Tá an coinbhinsiún i bhfeidhm ón . Tá an cinneadh i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireachta agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 124, , lgh. 1-3)

Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 124, , lgh. 4-20)

nuashonrú is deireanaí