Truailliú uisce ó fhoinsí talmhaíochta a chomhrac

ACHOIMRE AR:

Treoir 91/676/CEE maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do Bhallstáit AE an méid a leanas a dhéanamh.

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil gach 4 bliana atá bunaithe ar an bhfaisnéis náisiúnta a fhaigheann sé. Téann an tuarascáil is déanaí siar go 2021.

Maolú

Leagtar síos leis an treoir uasteorainneacha maidir leis an méid nítrigine ó aoileach is féidir a chur i bhfeidhm go bliantúil ag 170 kg/ha. I gcás go n–iarrann na Ballstáit amhlaidh, agus ar an gcoinníoll gur féidir leo údar eolaíoch a thabhairt nach mbeidh truailliú níos airde mar thoradh air sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh (cinntí dá ngairtear maoluithe chun eisceachtaí a cheadú) lena gceadaítear uasteorainneacha nítrigine níos airde ó aoileach a chur i bhfeidhm i limistéar ar leith agus faoi choinníollacha áirithe. Ní dhíolmhaítear leis na maoluithe sin na Ballstáit lena mbaineann ó chuspóirí cáilíochta uisce na treorach, ná ó aon cheann eile dá bearta.

Tá na cinntí um maolú seo a leanas i bhfeidhm faoi láthair:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .

CÚLRA

Is cothaitheach ríthábhachtach í an nítrigin agus cabhraíonn sí le plandaí agus le barra fás. Déanann cionta arda nítrigine dochar do dhaoine agus don dúlra, áfach, agus is féidir le níotráití a úsáidtear i leasacháin orgánacha agus i leasacháin cheimiceacha cur go mór leis an truailliú uisce. An fheirmeoireacht is cúis le breis is 50% den nítrigin iomlán a théann isteach in uiscí dromchla.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Eotrófú. Saibhriú uisce trí chomhdhúile nítrigine, a bhíonn ina chúis le fás luathaithe algaí agus foirmeacha níos airde beatha plandaí, chun suaitheadh neamh–inmhianaithe ar chothromaíocht na n–orgánach atá san uisce agus ar cháilíocht an uisce lena mbaineann a chruthú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, , lgh. 1-8).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 91/676/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí