Baineann príomhchlásail an Chonartha um Chairt Fuinnimh le hinfheistíocht a chosaint, trádáil in ábhair agus i dtáirgí fuinnimh, iompar agus réiteach díospóidí.
Cuimsítear i bhforálacha an chonartha:
Aithnítear leis an gconradh na cearta ceannais atá ag tíortha ar acmhainní fuinnimh agus athdhearbhaítear ann nach mór iad sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, gan dul i gcion ar an gcuspóir ginearálta maidir le rochtain ar acmhainní fuinnimh, a dtaiscéaladh agus a bhforbairt tráchtála a chur chun cinn.
Ní mór do na páirtithe sa chonradh pointe fiosruithe amháin ar a laghad a ainmniú ar féidir faisnéis maidir le dlíthe, rialacháin, cinntí dlíthiúla agus cinntí ginearálta riaracháin maidir le hábhair agus táirgí fuinnimh a sheoladh chuige.
Cuimsítear sa chonradh forálacha maidir le díospóidí idir na stáit rannpháirteacha a réiteach trí bhealach taidhleoireachta agus trí bhinsí ad hoc, agus — i gcás infheistíochtaí — idir infheisteoirí agus stáit aíochta. Mura féidir díospóid infheisteora a réiteach go síochánta faoi cheann 3 mhír, féadfaidh infheisteoirí a roghnú í a chur isteach lena réiteach chuig:
Ní dhéanfaidh na páirtithe infheistíochtaí ar bith a bhaineann le trádáil nach dtagann le Comhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) lenar bunaíodh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), agus níl rud ar bith sa chonradh lena ndíolmhaítear baill EDT ón gcomhaontú.
Ní choisctear sínitheoirí ar bith leis na gconradh ó bhearta:
Glacadh an prótacal i gcomhréir leis an gconradh. Áirítear leis na cuspóirí seo a leanas:
Ghlac agus shínigh os cionn 65 tír agus eagraíocht, lena n–áirítear AE agus tíortha AE Cairt Idirnáisiúnta Fuinnimh úr in 2015. Is é is aidhm leis an gcairt úr seo a mhéad tír úr is féidir a mhealladh a bheidh sásta oibriú i gcomhar sa réimse fuinnimh agus a aithníonn an tábhacht a bhaineann le slándáil fuinnimh le haghaidh tíortha a tháirgeann, a iompraíonn agus a ídíonn fuinneamh. Baintear leas sa chairt úr as Cairt Fuinnimh 1991 agus nuachóirítear an Chairt sin léi.
Tháinig an Conradh um Chairt Fuinnimh i bhfeidhm ar an , agus tháinig leasuithe ar na forálacha a bhaineann le trádáil, chun tagairtí don ETD a chur in ionad tagairtí don GATT go príomha, i bhfeidhm ón .
Féach chomh maith:
Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh agus an Prótacal um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe comhshaoil gaolmhara á dtabhairt i gcrích ag na Comhphobail Eorpacha (IO L 69, , lgh. 1-116)
Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idirnáisiúnta agus Cinneadh na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil leis an leasú ar na forálacha a bhaineann le trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Iarscríbhinn I: Leasú ar na Forálacha a Bhaineann le Trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh — Iarscríbhinn II: Cinntí i ndáil le Glacadh an Leasaithe ar na Forálacha a Bhaineann le Trádáil sa Chonradh um Chairt Fuinnimh (IO L 252, , lgh. 23-46)
Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh — Iarscríbhinn 1: An Conradh um Chairt Fuinnimh — Iarscríbhinn 2: Cinntí maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh (IO L 380, , lgh. 24-88)
nuashonrú is deireanaí