Feithiclí a fhruiliú chun earraí a iompar

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

ÚSÁID FEITHICLÍ ARNA BHFRUILIÚ AG GNÓTHAIS ATÁ BUNAITHE AR CHRÍOCH BALLSTÁIT EILE

Ní mór do gach Ballstát úsáid feithiclí arna bhfruiliú ag gnóthais atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile a cheadú laistigh dá chríoch, ar choinníoll:

Doiciméadacht

Ní mór na doiciméid seo a leanas, i bhfoirm leictreonach nó páipéir, lena soláthraítear cruthúnas go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais, a iompar ar bord:

Coinníollacha maidir le húsáid feithiclí fruilithe chun earraí a iompar

Tuairisciú

Ní mór don Choimisiún Eorpach tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun feidhme agus éifeachtaí na treorach seo faoin 7 Lúnasa 2027.

Ní dhéanann an treoir difear do chur i bhfeidhm rialacha AE maidir leis an méid seo a leanas:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Na rialacha nuashonraithe a tugadh isteach trí Threoir (AE) 2022/738 a leasú, ní mór iad a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 6 Lúnasa 2023.

CÚLRA

Rinneadh an reachtaíocht a bhí ann roimhe seo a chódú agus a ionadú le Treoir 2006/1/CE: Treoir 84/647/CEE.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Feithicil. Mótarfheithicil, leantóir, leathleantóir, nó cónasc feithiclí atá ceaptha go heisiach chun earraí a iompar.
Feithicil fhruilithe. Aon fheithicil a chuirtear, ar luach saothair agus ar feadh tréimhse cinntithe, ar fáil do ghnóthas a ghabhann d’iompar earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht nó ar a chuntas féin ar bhonn conartha leis an ngnóthas a chuireann na feithiclí ar fáil.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (leagan códaithe) (IO L 33, 4.2.2006, lgh. 82-85).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/1/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bhfuiltear le cloí leo chun tabhairt faoi cheird mar oibreoir iompair ar bóthar agus lena n–aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lgh. 51-71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (athmhúlú) (IO L 300, 14.11.2009, lgh. 72-87).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.07.2022