Bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm leis maoiniú gníomhartha sceimhlitheoireachta1 a chosc agus a thoirmeasc.

Glacadh leis an rialachán seo ar bhonn Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

I Meán Fómhair 2001, i ndiaidh ionsaithe 11/9, rinne ceannairí rialtais ceann de thosaíochtaí AE den chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Bealach suntasach chun é sin a bhaint amach is ea maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. An mhí chéanna, thacaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le reo ar gach sócmhainn airgeadais agus gach acmhainn eacnamaíoch a úsáidtear chun gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Gníomhartha sceimhlitheoireachta: gníomhartha a dhéantar d’aon ghnó a d’fhéadfadh damáiste mór a dhéanamh do thír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta agus a mheastar a bheith mar chion faoin dlí náisiúnta.
  2. Cistí, sócmhainní airgeadais agus acmhainní eacnamaíocha eile: sócmhainní de gach cineál, bídís ina sócmhainní inláimsithe nó doláimhsithe, inchorraithe nó dochorraithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, , lgh. 70-75)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí