Árachas dliteanais aeriompróirí

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 maidir le ceanglais árachais le haghaidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis buncheanglais árachais le haghaidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaí maidir le paisinéirí, le bagáiste, le lasta agus le tríú páirtithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Baineann an rialachán seo gach aeriompróir agus gach oibreoir aerárthaigh a eitlíonn laistigh de chríoch de chuid thír an Aontais Eorpaigh, isteach ann, amach as nó os a chionn. Ní mór d’aeriompróirí agus d’oibreoirí aerárthaí árachas a bheith acu, go háirithe maidir le:

Níl feidhm aici maidir le:

Comhlíonadh

Ní mór d’aeriompróirí agus, nuair is gá, d’oibreoirí aerárthaigh, a thaispeáint go gcloíonn siad leis an rialachán trí dheimhniú árachais, nó fianaise éigin eile d’árachas bailí, a chur ar fáil do na húdaráis inniúla sa tír AE lena mbaineann2.

Árachas maidir le dliteanas i gcás paisinéirí, bagáiste agus lasta

Maidir le dliteanas i gcás paisinéirí, is é an cumhdach árachais íosta 250 000 ceart speisialta tarraingthe (CST)3 in aghaidh an phaisinéara. Igcás gnóthaí neamhthráchtála ag aerárthaí le MTOM de 2 700 kg nó níos lú, áfach, féadfaidh tíortha AE leibhéal níos ísle fós den chumhdach árachais sin a leagadh síos, ach gan é a bheith níos ísle ná 100 000 CST an paisinéir.

Maidir le dliteanas i gcás bagáiste, ní foláir go mbeidh 1,288 CST i gceist le cumhdach árachais íosta in aghaidh an phaisinéara i ngnóthaí tráchtála (Rialachán Tarmligthe (AE) 11182020/1118).

Maidir le dliteanas i gcás lasta, ní foláir go mbeidh 22 CST i gceist in aghaidh an chiliméadar i ngnóthaí tráchtála (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1118).

Árachas maidir le dliteanas i gcás tríú páirtithe

Braitheann an cumhdach árachais íosta in aghaidh gach timpiste agus gach aerárthaigh, ar MTOM an aerárthaigh.

Forfheidhmiú agus smachtbhannaí

Chun boilsciú a chur san áireamh, rinneadh na teorainneacha cúitimh i Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 a athbhreithniú le Rialachán (AE) Uimh. 285/2010.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Uasmhais éirí de thalamh: comhfhreagraíonn sé seo do mhéid deimhnithe a bhaineann go sonrach le gach cineál aerárthaigh mar a shonraítear i ndeimhniú aeracmhainneachta an aerárthaigh.
  2. Tír AE lena mbaineann: an tír AE a dheonaigh an ceadúnas oibríochta don oibreoir aerárthaigh de chuid AE nó i gcás go bhfuil aerárthach an oibreora aerárthaigh cláraithe. Le haghaidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaigh neamh–AE a úsáideann aerárthaí atá cláraithe lasmuigh de AE, ciallaíonn sé an tír AE a n–eitlítear na heitleáin chuici agus uaithi.
  3. CST: ceart speisialta tarraingthe nó éileamh féideartha ar airgeadraí atá inúsáidte gan srianadh de chuid bhaill an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CST arna shainmhíniú ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceanglais árachais le haghaidh aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaigh (IO L 138, , lgh. 1-6)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí