Leagtar síos ann na rialacha maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 go hAirteagal 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagal 81 go hAirteagal 86 roimhe seo den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach) — rialacha AE maidir le hiomaíocht — maidir leis an earnáil talmhaíochta.
Sonraítear sa rialachán go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 CFAE sa réimse maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta ach amháin le haghaidh táirgí atá cumhdaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.
Baineann dhá eisceacht ó na rialacha ginearálta leis. Is iad sin:
Is ag an gCoimisiún Eorpach amháin atá an chumhacht, faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais AE, na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais a chomhlíonann na coinníollacha a shocrú le cinneadh nach mór é a fhoilsiú.
Tá sé i bhfeidhm ón .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an lena gcuirtear rialacha áirithe iomaíochta maidir le hiomaíocht i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta (Leagan códaithe) (IO L 214, , lgh. 7-9)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí