Cinneadh 2001/539/CE maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Montreal ag an gComhphobal Eorpach
Leis an gcoinbhinsiún tugtar isteach prionsabail agus rialacha dlíthiúla cuimsitheacha arb iad seo a leanas na cinn is tábhachtaí díobh:
In 1997, ghlac AE Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 (maidir le dliteanas aeriompróra i gcás timpistí) lena bhforchuirtear dliteanas neamhtheoranta ar aeriompróirí AE i gcás báis nó gortaithe do phaisinéirí. Le Rialachán (CE) Uimh. 889/2002 déantar Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 a leasú agus cuirtear rialacha Choinbhinsiún Montreal i bhfeidhm ar gach eitilt, bídís ina n–eitiltí intíre nó idirnáisiúnta, arna n–oibriú ag aeriompróirí AE.
Tháinig an Coinbhinsiún Montreal i bhfeidhm an . Tá an cinneadh i bhfeidhm ón .
Mar thoradh ar easnamh Choinbhinsiún Vársá na bliana 1929, lenar rialaíodh dliteanas aeriompróirí i dtaca le bás agus gortú, agus na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin, ba ghá na rialacha maidir le dliteanas a nuachóiriú agus a chomhaontú.
I mí na Bealtaine 1999, rinne na Stáit Chonarthacha san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta comhaontú a idirbheartú chun nuachóiriú a dhéanamh ar rialacha Choinbhinsiún Vársá, á gcur in aon ionstraim dlí amháin lena dtairgtear leibhéal cuí cúitimh i gcás damáiste a dhéantar do phaisinéirí le linn aeriompair idirnáisiúnta.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh 2001/539/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (Coinbhinsiún Montreal) ag an gComhphobal Eorpach (IO L 194, , lch. 38)
Coinbhinsiúin maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (an Coinbhinsiún Montreal) (IO L 194, , lgh. 39-49)
nuashonrú is deireanaí