MEDIA 2007: clár tacaíochta d’earnáil chlosamhairc na hEorpa
Is é MEDIA 2007 an clár nua tacaíochta d’earnáil chlosamhairc na hEorpa. Leanann sé ar na cláir MEDIA Plus agus MEDIA-Oiliúint. Ceaptar MEDIA 2007 ina chlár uathúil a chuireann le chéile an dá chuid atá ann (forbairt, dáileadh, cur chun cinn/oiliúint). Agus buiséad beagnach EUR 755 milliún aige, tá sé i bhfeidhm sa tréimhse 2007–2013.
ACHT
Decision No 1718/2006/EC of the European Parliament and of the Council of 15 November 2006 concerning the implementation of a programme of support for the European audiovisual sector (MEDIA 2007) (Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 ag baint le cur i ngníomh cláir tacaíochta d’earnáil chlosamhairc na hEorpa (MEDIA 2007))
ACHOIMRE
Is gléas ríthábhachtach é an earnáil chlosamhairc chun luacha cultúrtha Eorpacha a chur ar aghaidh agus bláth a chur orthu. Tá sí ríthábhachtach chun féiniúlacht chultúrtha Eorpach a chruthú agus chun an tsaoránacht Eorpach a chur in iúl. Dá mhéad a chuirtear saothair chlosamhairc Eorpacha (scannáin agus cláir theilifíse) thart, is amhlaidh is mó a neartaítear an comhphlé idirchultúrtha agus is amhlaidh is mó a fheabhsaítear dáimh agus eolas cómhalartacha na gcultúr Eorpach. Le tacaíocht ón Chomhphobail, tá sé ar chumas na hearnála closamhairc an tsaoránacht agus an cultúr Eorpach a dhaingniú.
I dteannta réimse an chultúir, tá cumas mór sóisialta agus eacnamaíoch ag an earnáil chlosamhairc. Mar sin, tá tacaíocht an Chomhphobail don earnáil chlosamhairc in oiriúint do straitéis Liospóin atá ag iarraidh an geilleagar is mó iomaí ar an domhan a dhéanamh de gheilleagar na hEorpa.
Faoi chuimsiú chreat an chláir MEDIA 2007, tá de rún ag an Choimisiún leanúint ar aghaidh le gníomhaíocht an Chomhphobail ar cuireadh tús léi tríd na cláir MEDIA I, MEDIA II, MEDIA Plus agus MEDIA-Oiliúint a spreag forbairt thionsclaíocht chlosamhairc na hEorpa ó 1991.
CUSPÓIRÍ GINEARÁLTA
Cuirtear an clár MEDIA 2007 ar bun ar feadh na tréimhse ó 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2013. Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas aige:
Chun na cuspóirí seo a bhaint amach, cuireann MEDIA 2007 isteach:
Sna réimsí atá i gceist, tá na tosaíochtaí seo a leanas ag an chlár:
BUISÉAD
Tá buiséad EUR 755 milliún beagnach ag an chlár.
SAINCHUSPÓIRÍ AGUS SAINTIONSCAIMH
Réamhléiriú
Roimh an léiriú closamhairc, tá na cuspóirí seo a leanas ag an chlár:
Iarléiriú
I ndiaidh an léiriúcháin chlosamhairc, tá na cuspóirí seo a leanas ag an chlár:
Treoirthionscadail
Spreagann an clár an nuálaíocht trí mheán treoirthionscadal, go háirithe iad siúd a bhaineann le teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. Cuidíonn na treoirthionscadail an clár a chur in oiriúint d’fhorás na teicneolaíochta.
MODHANNA CURTHA I nGNÍOMH
Forálacha a bhaineann le tríú tíortha
Ar chuntar go mbaintear amach na coinníollacha riachtanacha agus de réir mar a íoctar na sochair bhreise, féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith páirteach sa chlár:
Tairbhithe agus forálacha airgeadais
Féadann daoine nádúrtha a bheith ina dtairbhithe ag an chlár. De réir an chineáil gníomhaíochta atá i gceist, d’fhéadfadh an cúnamh airgeadais a bheith i bhfoirm deontais nó scoláireachta.
An cúnamh airgeadais a dheonaítear de réir an chláir, ní fhéadann sé a bheith os cionn 50 % de chostas na gníomhaíochta tacaithe. I gcásanna sainiúla áirithe, d’fhéadfadh an cúnamh a bheith suas le 75 % den chostas.
Cur i ngníomh
Tá ar an Choimisiún, agus cuidiú coiste leis, an clár a chur i ngníomh.
Tá líonra Eorpach na MEDIA desks (EN) (FR) mar ghníomhaireacht feidhmiúcháin. Deimhníonn seo forleathadh an eolais ar an chlár go náisiúnta, go háirithe maidir leis na tionscadail thrasteorann.
Tagairtí
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
CinneadhUimh. 1718/2006/CE [glacadh le: comhchinneadh COD/2004/0151] |
25.11.2006 |
— |
IO L 327, 24.11.2006 |
Nuashonrú is déanaí: 04.01.2007