Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróirí
Leis an rialachán, cuirtear Coinbhinsiún Montréal 1999 chun feidhme toisc go mbaineann sé le dliteanas agus le saincheisteanna cúitimh do phaisinéirí a bhíonn ag taisteal d’aer agus dá mbagáiste (féach an achoimre).
Tabhair faoi deara: Bhain an rialachán bunaidh (sular leasaíodh é le Rialachán (CE) Uimh 889/2002) le dliteanais aeriompróra an Aontais Eorpaigh (AE) i leith bás paisinéirí nó díobháil do phaisinéirí mar thoradh ar thionóiscí. Le rialachán leasaitheach 2002, cuireadh an rialachán bunaidh i gcomhréir leis na rialacha nua idirnáisiúnta i gCoinbhinsiún Montréal, chun saincheisteanna a bhaineann le bagáiste agus moill a chur san áireamh freisin.
Déantar achoimre sa rialachán ar na rialacha dliteanais a chuireann aeriompróirí AE i bhfeidhm faoi reachtaíocht AE agus faoi Choinbhinsiún Montréal, agus ar reachtaíocht náisiúnta Bhallstáit AE. Sloinntear cúiteamh mar neasluach in airgeadra áitiúil ar chearta tarraingthe speisialta (CTSanna)1.
Ní mór d’aeriompróirí AE:
Ní mór d’aeriompróirí AE léiriú i scríbhinn ar theorainn dhliteanais an iompróra le haghaidh na heitilte a thabhairt do gach paisinéir i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Is iad na teorainneacha a bhunaítear leis an rialachán seo na teorainneacha thuas ach amháin má chuireann an t-aeriompróir teorainneacha níos airde i bhfeidhm dá dheoin féin. Maidir le hiompar ag aeriompróirí nach aeriompróirí de chuid AE iad, ní bhaineann na ceanglais sin ach le heitiltí chuig AE, amach as nó laistigh de.
Níl aon teorainneacha airgeadais leis an dliteanas i leith díobháil nó báis paisinéirí. I gcás damáistí suas le 100 000 CST, ní féidir leis an aeriompróir cur in aghaidh éileamh ar chúiteamh. Os cionn an mhéid sin, féadfaidh an t-aeriompróir é féin a chosaint ar éileamh trína chruthú nach raibh sé faillíoch nó nach raibh locht air ar bhealach eile.
Má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir, ní mór don aeriompróir réamhíocaíocht a dhéanamh, chun riachtanais phráinneacha a chlúdach, laistigh de 15 lá tar éis an duine a shainaithint, faoi na coinníollacha seo a leanas.
Má chuirtear moill ar phaisinéir, tá an t-aeriompróir faoi dhliteanas i leith damáiste ach amháin má rinne sé gach beart réasúnta féideartha chun an damáiste a sheachaint. Tá dliteanas teoranta do 4 150 CST.
Má chuirtear moill ar bhagáiste, beidh an t-aeriompróir faoi dhliteanas i leith damáiste ach amháin má rinne sé gach beart réasúnta is féidir chun é a sheachaint. Tá dliteanas teoranta do 1 000 CST.
Tá an t-aeriompróir faoi dhliteanas suas le 1 000 CST i leith bagáiste a dhíothú, a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dó. Maidir le bagáiste a sheiceáiltear isteach, tá sé faoi dhliteanas fiú mura bhfuil locht air, ach amháin má bhí an bagáiste lochtach. Maidir le bagáiste nach seiceáiltear isteach, níl an t-iompróir faoi dhliteanas ach amháin má tá an locht air.
Is féidir le paisinéirí tairbhe a bhaint as teorainn níos airde dliteanais trí dhearbhú speisialta a dhéanamh ar a dhéanaí ag an tseiceáil isteach agus trí tháille bhreise a íoc. Ní mór go léireodh an táille na costais bhreise os cionn na gcostas sin a bhaineann le bagáiste a luacháiltear laistigh den teorainn dliteanais. Ní mór an taraif a chur ar fáil ach í a iarraidh.
Má dhéantar damáiste do bhagáiste a sheiceáiltear isteach, má chuirtear moill air, má chailltear é nó má dhíothaítear é, ní mór don phaisinéir gearán a dhéanamh leis an aeriompróir a luaithe is féidir, laistigh de 7 lá i gcás damáiste agus 21 lá i gcás moille tar éis é a fháil.
Ní mór aon chaingean chúirte a thabhairt laistigh de 2 bhliain ón dáta ar tháinig an t-aerárthach i dtír, nó ón dáta a raibh an t-aerárthach le teacht i dtír.
Tá sé i bhfeidhm ón .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle an maidir le dliteanas aeriompróra i gcás timpistí (IO L 285, , lgh. 1-3).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí