Iompar earraí agus paisinéirí ar uiscebhealaí intíre
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1356/96 — rialacha maidir le hiompar earraí nó paisinéirí ar uiscebhealaí intíre idir tíortha AE
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Féachtar ann lena chinntiú go bhfuil an tsaoirse ag oibreoirí a iompraíonn earraí nó paisinéirí ar uiscebhealaí intíre na seirbhísí sin a sholáthar idir tíortha AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tá feidhm ag an rialachán maidir le hiompar earraí nó paisinéirí ar uiscebhealaí intíre do thurais idir tíortha AE agus idirthuras a dhéanamh tríothu.
-
Tá cead ag gach oibreoir a iompraíonn earraí nó paisinéirí ar uiscebhealaí intíre na seirbhísí sin a chur i gcrích idir tíortha AE ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe:
-
go bhfuil siad bunaithe i dtír AE de réir dhlíthe na tíre sin;
-
go bhfuil siad i dteideal sa tír sin iompar idirnáisiúnta earraí nó paisinéirí ar uiscebhealaí intíre a chur i gcrích;
-
go n-úsáideann siad soithí atá cláraithe i dtír AE nó, sa chás nach bhfuil soithí cláraithe acu, go bhfuil deimhniú ballraíochta ar chabhlach thír AE acu;
-
go gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3921/91 faoina bhféadfaidh oibreoirí neamhchónaitheacha earraí nó paisinéirí a iompar ar uiscebhealaí intíre laistigh de thír AE (ar a dtugtar “cabatáiste”).
-
Tá rialacha speisialta ar chearta oibreoirí ó thíortha neamh-AE ann faoin gCoinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin (Coinbhinsiún Mannheim), faoin gCoinbhinsiún Loingseoireachta ar an Danóib (Coinbhinsiún Bhéalgrád) nó d’fhéadfadh siad teacht ó chomhaontuithe nó ó chonarthaí idirnáisiúnta ar bith ina bhfuil AE ina pháirtí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 2 Lúnasa 1996.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Uiscebhealaí intíre” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1356/96 ón gComhairle an 8 Iúil 1996 maidir leis na rialacha comhchoiteanna a bhaineann le hiompar earraí nó paisinéirí ar uiscebhealaí intíre idir na Ballstáit chun saoirse a bhunú maidir le seirbhísí iompair dá leithéid a sholáthar (IO L 175, 13.7.1996, lgh. 7-8)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CEE) Uimh. 3921/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh iompróirí neamhchónaitheacha earraí nó paisinéirí a iompar ar uiscebhealaí intíre laistigh de Bhallstát (IO L 373, 31.12.1991, lgh. 1-3)
Nuashonraithe 22.09.2016