Sábháilteacht ar bhóithre: ceadúnais tiomána
ACHOIMRE AR
Treoir 2006/126/CE maidir le ceadúnais tiomána
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
PRÍOMHPHOINTÍ
Déanann an Treoir an méid a leanas.
- Cuidíonn sí le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú: tugann sé catagóir nua ceadúnais isteach le haghaidh móipéidí agus teastaíonn tástáil teoirice éigeantach roimh ré chomh maith le rochtain chéimithe ar ghluaisrothair níos troime. Sonraítear riachtanais tástála inti freisin. Ní mór do thiománaithe gairmiúla scrúduithe sláinte a dhéanamh gach 5 bliana. Leagtar amach sa Treoir freisin na riachtanais a bhaineann le cáiliú agus le hoiliúint scrúdaitheoirí tiomána.
- Éascaítear léi saorghluaiseacht daoine: tugtar isteach léi samhail Eorpach um cheadúnas tiomána agus bunaítear léi líonra chun faisnéis a mhalartú ar cheadúnais tiomána idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), rud a shimpleoidh an obair riaracháin a theastaíonn chun ceadúnais tiomána a aithint go frithpháirteach.
- Laghdaítear léi an raon feidhme le haghaidh calaoise: tá micrishlis ar an gceadúnas nua ina gcuimsítear an fhaisnéis atá priontáilte ar an gcárta. Tugtar isteach léi tréimhse bhailíochta le haghaidh ceadúnais gluaisteán agus gluaisrothar 10–15 bliana chun nuashonrú rialta a éascú maidir leis na gnéithe cosanta agus leis na sealbhóirí. Bunaítear léi líonra leictreonach nua chun cumarsáid idir údaráis náisiúnta maidir le seiceálacha ceadúnais a éascú.
Aitheantas frithpháirteach ceadúnas
Ní mór ceadúnais arna n-eisiúint ag na Ballstáit a bheith aitheanta go frithpháirteach. Is iad seo a leanas catagóirí na gceadúnas tiomána:
- catagóir AM – le haghaidh feithiclí 2 roth agus 3 roth lena bhfuil luas dearaidh uasta nach mó ná 45 km san uair, chomh maith le cuadrothair éadroma;
- catagóir A1 – le haghaidh gluaisrothair éadroma lena bhfuil toilleadh sorcóra nach mó ná 125 ceintiméadar ciúbach agus rátáil chumhachta níos lú ná 11 kW;
- catagóir A2 – le haghaidh gluaisrothar lena bhfuil rátáil chumhachta faoi 35 kW;
- catagóir A – le haghaidh gluaisrothair throma gan srianta cumhachta;
- catagóir B – maidir le feithiclí paisinéirí a bhfuil meáchan suas le 3,500 kg iontu agus suíocháin do nach mó ná ochtar paisinéirí;
- catagóir BE – le haghaidh feithicle de chatagóir B a tharraingíonn leantóir trom faoi bhun 3,500 kg;
- catagóir B1 (roghnach) – le haghaidh cuadrothar;
- catagóir C1 – le haghaidh feithiclí earraí idir 3,500 kg agus 7,500 kg agus do suas le hochtar paisinéirí;
- catagóir C1E – le haghaidh feithicle de chatagóir C1 nó B a tharraingíonn leantóir trom; le mais chomhcheangailte suas le 12,000 kg;
- catagóir C – le haghaidh feithicil earraí ar mó ná 3,500 kg meáchan iad agus suíocháin do nach mó ná ochtar paisinéirí;
- catagóir CE – le haghaidh feithicle de chatagóir C a tharraingíonn leantóir trom;
- catagóir D1 – le haghaidh feithicil paisinéirí a tógadh do níos lú ná 16 phaisinéir agus nach faide ná 8 m;
- catagóir D1E – le haghaidh feithicle de chatagóir D1 a tharraingíonn leantóir trom;
- catagóir D – le haghaidh feithiclí paisinéirí do níos mó ná ochtar paisinéirí;
- catagóir DE – le haghaidh feithicle de chatagóir D a tharraingíonn leantóir trom;
- is féidir leantóirí éadroma a bhfuil meáchan níos lú ná 750 kg orthu a tharraingt ag úsáid feithiclí de chatagóir B, C1, C, D1 agus D.
Cuimsítear tábla coibhéisí idir na catagóirí sin agus iad siúd atá leagtha amach i gceadúnais arna n–eisiúint sna Ballstáit roimh an treoir seo i gCinneadh (AE) 2016/1945.
Coinníollacha chun ceadúnais a eisiúint
- Ní mór na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm ar an tiománaí a shonrú ar cheadúnais. Más rud é nach féidir leis an tiománaí ach cineálacha áirithe feithicle nó feithiclí oiriúnaithe a thiomáint, ba cheart é sin a shonrú trí chód a lua ar an gceadúnas.
- Cuirtear coinníollacha i bhfeidhm freisin maidir le heisiúint ceadúnas:
- ní eisítear ceadúnais do chatagóirí C1, C, D1 agus D ach chuig tiománaithe atá i dteideal feithiclí chatagóir B a thiomáint cheana féin;
- ní eisítear ceadúnais do chatagóirí BE, C1E, CE, D1E agus DE ach chuig tiománaithe atá i dteideal feithiclí chatagóir B, C1, C, D1 agus D faoi seach a thiomáint cheana féin.
- Is é a leanas an aois íosta maidir le heisiúint ceadúnas tiomána
- 16 bliana d’aois le haghaidh chatagóirí AM, A1 (gluaisrothair éadroma) agus B1 (trírothaigh agus cuadrothair faoi chumhacht mótair)
- 18 mbliana d’aois le haghaidh chatagóirí A2, B, BE agus C1
- 21 bliain d’aois le haghaidh chatagóirí C, CE, D1 agus D1E
- 24 bliain d’aois le haghaidh chatagóirí D agus DE;
- Is féidir leis na Ballstáit an aois íosta a ardú nó a ísliú, laistigh de shrianta sonraithe, le haghaidh catagóirí áirithe.
- Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an t–eolas riachtanach agus na scileanna riachtanacha ag iarrthóirí ceadúnais agus go n–iompróidh siad iad féin ar bhealach áirithe atá riachtanach chun mótarfheithicil a thiomáint. I gcoitinne, déantar na trialacha seo a leanas
- triail teoirice
- triail scileanna agus iompair.
Scrúdaitheoirí ceadúnais tiomána
- Caithfidh inniúlachtaí íosta a bheith acu don tástáil scileanna agus iompraíochta.
- Tá siad faoi réimeas dearbhaithe cáilíochta agus caithfidh siad dul faoi oiliúint thréimhsiúil.
Leasuithe tar éis ráig na paindéime COVID-19
- Mar gheall ar dheacrachtaí maidir le ceadúnais tiomána a athnuachan mar thoradh ar na cúinsí urghnácha ba chúis le ráig COVID-19, a bhí tosaithe faoin 1 Feabhra 2020 i roinnt Ballstát, le Rialachán (AE) 2020/698 cuirtear síneadh le bailíocht ceadúnas tiomána áirithe ar feadh tréimhse 7 mí ón dáta a rachaidh siad in éag, d’fhonn leanúnachas na soghluaisteachta de bhóthar a áirithiú.
- I gcás go measann Ballstát gur dóigh go mbeidh athnuachan ceadúnas tiomána fós dodhéanta tar éis an 31 Lúnasa 2020, mar gheall ar a bearta a bhaineann le COVID-19, caithfidh sé iarratas réasúnaithe ar údarú ón gCoimisiún Eorpach a chur isteach faoin 1 Lúnasa 2020 chun na tréimhsí lena mbaineann a shíneadh.
- I bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19, leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/267 bearta sonracha agus sealadacha maidir le ceadúnais agus údaruithe a athnuachan nó a shíneadh agus tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 a shíneadh. Tá cur síos déanta ar na bearta thíos.
- Meastar go bhfuil síneadh le bailíocht ceadúnas tiomána a éagfaidh idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 ar feadh tréimhse 10 mí ón dáta a rachaidh siad in éag.
- Meastar go ndearnadh bailíocht na gceadúnas tiomána a rachadh in éag trí chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/698 seachas sin idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 a shíneadh, nó rinneadh iad a shíneadh, ar feadh tréimhse 6 mhí nó go dtí an 1 Iúil 2021, cibé acu is túisce.
- I gcás go measann Ballstát gur dócha go mbeidh athnuachan ceadúnas tiomána dodhéanta fós i ndiaidh an 30 Meitheamh 2021, mar gheall ar bhearta a ghlac sé chun scaipeadh COVID-19 a shrianadh, féadfaidh sé iarratas réasúnaithe a chur isteach chun síneadh a chur leis na tréimhsí thuas. D’fhéadfadh an tréimhse idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 nó an tréimhse 10 mí, nó an dá rud, a bheith i gceist leis an iarratas sin. Ní mór é a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine 2021.
- Má chomhlíontar na critéir agus mura mbeidh rioscaí díréireacha mar thoradh ar an síneadh a iarradh i gcomhthéacs sábháilteacht agus slándáil iompair, féadfaidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann a údarú síneadh a chur i bhfeidhm. Ní mór an síneadh a theorannú chun teacht leis an tréimhse inar dócha go mbeidh athnuachan tástálacha ródacmhainneachta fós dodfhéanta agus, i gcás ar bith, ní féidir leis a bheith níos faide ná 6 mhí. Foilsítear an Cinneadh ón gCoimisiún maidir leis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
- I gcás nach gá do Bhallstát leas a bhaint as na bearta atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2021/267, ba chóir dó é sin a chur in iúl don Choimisiún faoin 3 Márta 2021. Ní mór don Choimisiún na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir leis sin agus fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil. Ní mór nach gcuirfidh Ballstát bac ar ghníomhaíochtaí trasteorann oibreora eacnamaíoch nó duine aonair ar bith a bhraith ar na bearta eisceachtúla sin i mBallstát eile.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
- Tá feidhm léi ón 19 Eanáir 2007 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 19 Eanáir 2011.
- Ní mór do na Ballstáit rialacha na treorach a chur i bhfeidhm ón 19 Eanáir 2013 i leith.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (athmhúnlú) (IO L 403, 30.12.2006, lgh. 18–60)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/126/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2021/267 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéime COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus síneadh tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 (IO L 60, 22.2.2021, lgh. 1–20)
Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 10–24)
Cinneadh (AE) 2016/1945 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2016maidir le coibhéisí idir catagóirí ceadúnas tiomána (IO L 302, 9.11.2016, lgh. 62–162)
Rialachán (AE) Uimh. 575/2014 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le ceadúnais tiomána lena n-áirítear meán stórála (micrishlis) (IO L 159, 28.5.2014, lgh. 47–49)
Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le ceadúnais tiomána lena n–áirítear meán stórála (micrishlis) (IO L 120, 5.5.2012, lgh. 1–11)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 07.07.2021