Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta
Faoi chúinsí áirithe, is féidir le haeriompróir, lena ghníomhaire nó le tionscnóir turas diúltú d’áirithint phaisinéara nó diúltú do phaisinéir dul ar bord, atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta:
Sna cásanna sin, ní mór na cúiseanna a chur in iúl ar an bpointe don duine atá i gceist. Ní mór iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun rogha shásúil eile a chur ar fáil don duine sin. Má dhiúltaítear do dhuine dul ar bord mar gheall ar na cúiseanna sin, tá an ceart aige/aici aisíocaíocht nó athródú a fháil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 261/2004.
Cúnamh aerfoirt
Tá de cheart ag daoine faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta cúnamh atá leagtha amach sa rialachán a fháil saor in aisce:
Is féidir le comhlachtaí bainistíochta aerfort muirear ar leith a ghearradh ar úsáideoirí aerfoirt chun na seirbhísí sin a mhaoiniú.
Sáruithe agus pionóis
Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus do thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa pionóis a leagadh amach maidir le sáruithe rialacháin agus comhlachtaí neamhspleácha a chur ar bun chun déileáil le gearáin.
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, cuirtear rialacha ar bun ar fud AE maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás go ndiúltaítear dóibh dul ar bord nó má dhéantar eitilt a chur ar ceal nó a mhoilliú ar feadh tréimhse fada.
Treoirlínte
In 2012, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte maidir le léirmhíniú an rialacháin. Pléadh sna treoirlínte sin le fadhbanna praiticiúla agus le héiginnteachtaí atá ann go fóill d’aeriompróirí agus do phaisinéirí faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta.
Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 15 Lúnasa 2006.
* Duine faoi mhíchumas nó duine faoi mhíchumas luaineachta: aon duine a laghdaítear a luaineacht le linn taistil de bharr míchumais choirp (míchumas céadfach nó míchumas a chuireann isteach ar luaineacht, go sealadach nó go buan), míchumais nó lagaithe intleachta, nó aon chúise eile le míchumas, nó aoise, aon duine nach mór aire chuí a thabhairt dó/di nó nach mór an tseirbhís a chuirtear ar fáil do phaisinéirí a oiriúnú dá riachtanais áirithe féin.
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal ar eitleán (IO L 204, 26.7.2006, lgh. 1-9)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.
Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus le cúnamh paisinéirí sa chás go ndiúltaítear dóibh dul ar bord nó nuair a dhéantar eitiltí a chur ar ceal nó a mhoilliú ar feadh tréimhse fada, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lgh. 1-8)
Nuashonraithe 15.02.2016