Na cinntí
Clúdaítear sna cinntí cur chun feidhme feistí trealaimh raidió a oibríonn trí údarú ginearálta nó ar bhonn neamhcheadúnaithe nó roinnte ag úsáideoirí deiridh. Áirítear leis sin feistí líonra rochtana achair logánta raidió (wi-fi) a léirigh fás ollmhór ar an éileamh ar speictream raidió, mar a admhaítear sa Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach 2018.
Is cinntí comhchuibhithe iad go leor de na gníomhaíochtaí sin. Déileáiltear i gcuid eile díobh le bandaí minicíochta chun críocha éagsúla, amhail éagsúlacht mhór gaireas gearr-raoin, trealamh Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), trealamh ultra-leathanbhanda, aláraim, osclóirí doirse, ionchlannáin leighis, córais iompair chliste, feistí sainaitheanta radaimhinicíochta raidió (RFID), rad-aimsiú, promhadh talún, agus cineálacha nua feistí idir meaisíní, chomh maith le trealamh chun cláir a dhéanamh agus imeachtaí speisialta (PMSE) amhail naisc físe gan sreang nó micreafóin agus teileafóin dhigiteacha gan sreang.
Baineann banda údaraithe ginearálta eile le sábháilteacht feithiclí, go háirithe maidir le hoibriú Córais Chliste Iompair (ITS).
Clúdaítear sna cinntí cur chun feidhme éagsúla an speictream raidió seo a leanas, chomh maith le teorainneacha ar neart comhartha agus trasnaíocht dhíobhálach nuair is infheidhme:
Treoir 91/287/CEE
Cuireann an treoir oibleagáid ar thíortha AE an banda minicíochta 1880-1900 MHz a ainmniú le haghaidh cumarsáid dhigiteach gan sreang faoin 1 Eanáir 1992.
Reachtaíocht |
Dáta cur i bhfeidhm |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 |
an 8 Deireadh Fómhair 2020 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 |
an 16 Bealtaine 2019 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 |
an 12 Deireadh Fómhair 2018 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/637 |
an 23 Aibreán 2018 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2077 |
an 13 Samhain 2017 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 |
an 10 Lúnasa 2017 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/339 |
an 9 Márta 2016 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/641/AE |
an 2 Meán Fómhair 2014 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/752/AE |
an 12 Nollaig 2013 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/829/AE |
an 9 Nollaig 2011 |
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/485/AE |
an 1 Lúnasa 2011 |
Cinneadh 2010/368/AE |
an 1 Iúil 2010 |
Cinneadh 2009/381/CE |
an 14 Bealtaine 2009 |
Cinneadh 2007/90/CE |
an 12 Feabhra 2007 |
Cinneadh 2008/411/CE |
an 21 Bealtaine 2008 |
Cinneadh 2005/513/CE |
an 11 Iúil 2005 |
Treoir 91/287/CEE |
an 5 Meitheamh 1991 |
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh Feidhmithe an Choimisiúin (AE) 2020/1426 an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5875-5935 MHz le haghaidh feidhmchlár a bhaineann le sábháilteacht Córas Cliste Iompair (ITS) agus Cinneadh 2008/671/CE a aisghairm (IO L 328, 9.10.2020, lgh. 19-23)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le speictream raidió le haghaidh trealaimh a chomhchuibhiú ag baint úsáid as teicneolaíocht ultra–leathanbhanda san Aontas agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/131/CE (IO L 127, 16.5.2019, lgh. 23-33)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin laistigh de na bandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz (IO L 257, 15.10.2018, lgh. 57-63)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/637 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2018 lena leasaítear Cinneadh 2009/766/CE maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí uile-Eorpacha cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal maidir le coinníollacha teicniúla ábhartha d’Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IO L 105, 25.4.2018, lgh 27-30)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2017/2077 an 10 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú raon an bhanda speictrim raidió 24 GHz lena úsáid faoi theorainn ama ag trealamh radair gearr-raoin mótarhfeithicleach sa Chomhphobal (IO L 295, 14.11.2017, lgh. 75-76)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 an 8 Lúnasa 2017 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis gearr–raoin agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2006/804/CE (IO L 214, 18.8.2017, lgh. 3-27)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/339 an 8 Márta 2016 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 2010-2025 MHz le haghaidh nasc físe gan sreang iniompartha nó móibíleach agus ceamaraí gan sreang a úsáidtear chun cláir a dhéanamh agus le haghaidh imeachtaí speisialta (IO L 63, 10.3.2016, lgh. 5-8)
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/641/EU ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2014 maidir le coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le húsáid speictrim raidió trí dhéantús clár fuaime gan sreang agus trealamh imeachtaí speisialta san Aontas (IO L 263, 3.9.2014, lgh. 29-34)
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/752/AE ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió bhanda lena úsáid ag feistí gearr-réimse agus lena leasaítear Cinneadh 2005/928/CE (IO L 334, 13.12.2013, lgh. 17-36)
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/829/AE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2011 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gearr-raon (IO L 329, 13.12.2011, lgh. 10-18)
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/485/AE ón gCoimisiún an 29 Iúil 2011 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 Ghz lena úsáid faoi theorainn ama ag trealamh radair gearr-raoin mótarhfeithicleach sa Chomhphobal (IO L 198, 30.7.2011, lgh. 71-72)
Cinneadh 2010/368/AE ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin (IO L 166, 1.7.2010, lgh. 33-41)
Cinneadh 2009/381/CE ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin (IO L 119, 14.5.2009, lgh. 32-39)
Cinneadh 2007/90/CE ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2007 lena leasaítear Cinneadh 2005/513/CE maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun Córais Rochtana Gan Sreang a chur chun feidhme lena n–áirítear Líonraí Achair Logánta (WAS/RLANanna) (IO L 41, 13.2.2007, lch. 10)
Cinneadh 2008/411/CE ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2008 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 3400 - 3800 MHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal (IO L 144, 4.6.2008, lgh. 77-81)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2008/411/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh 2005/513/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2005 maidir le húsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun córais rochtana gan sreang a chur chun feidhme lena n–áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna) (IO L 187, 19.7.2005, lgh. 22-24)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir ón gComhairle 91/287/CEE an 3 Meitheamh 1991 maidir leis an mbanda minicíochta a bheidh le hainmniú chun tabhairt isteach comhordaithe teileachumarsáide digití Eorpaí gan sreang (DECT) sa Chomhphobal (IO L 144, 8.6.1991, lgh. 45-46)
Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, pp. 36-214)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Uimh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 ar chreat rialála do bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh Speictrim Raidió) (IO L 108, 24.4.2002, lgh. 1-6)
Nuashonraithe 12.11.2020