Tá sé mar aidhm aige oibríochtaí iompair idirmhódúil1 a chur chun cinn trí thacú leis na hoibríochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonann critéir áirithe (i.e. iompar traschórais nó CT mar a thugtar air) trí:
trí iompar traschórais a chosaint ar shrianta náisiúnta (scéimeanna údaraithe, taraifí agus cuótaí);
shoiléiriú a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag srianta cabatáiste2 bóthair maidir leis na codanna bóthair iompair traschórais;
ualaí níos troime agus níos mó a cheadú d’fheithiclí a úsáidtear i gcodanna bóthair iompair traschórais;
tacaíocht airgeadais a dheonú trí dhreasachtaí cánach agus sainmhíniú leathnaithe ar iompar féinchuntais d’oibríochtaí iompair traschórais.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Tagraíonn an treoir d’earraí iompair traschórais idir tíortha AE sna cásanna a leanas:
úsáideann an fheithicil nó an leantóir an bóthar ar an gcuid tosaigh nó deiridh den turas; agus
ar an gcuid eile, seirbhísí iarnróid nó uiscebhealaigh intíre nó muirí i gcás go sáraíonn an chuid sin 100km i líne dhíreach trasna na tíre; agus
déanann sé an chuid tosaigh nó deiridh den iompar bóthair den turas:
idir an pointe ina ndéantar na hearraí a luchtú agus an stáisiún luchtaithe iarnróid oiriúnach is gaire don chuid tosaigh agus idir na stáisiúin díluchtaithe iarnróid oiriúnacha is gaire agus an pointe ina ndéantar na hearraí a dhíluchtú don chuid deiridh, nó
laistigh de gha nach mó ná 150km i líne dhíreach trasna na tíre ó chalafort an uiscebhealaigh intíre nó ó chalafort luchtaithe nó díluchtaithe.
Tá toisí údaraithe agus ualuithe uasta trucailí a dhéanann taisteal trasteorann leagtha amach sa Treoir 96/53/CE (féach achoimre).
Doiciméad iompair
Ní mór an doiciméad iompair atá le soláthar i gcás iompair traschórais a shonrú:
na stáisiúin luchtaithe agus díluchtaithe iarnróid a bhaineann leis an gcuid iarnróid; agus
na calafoirt luchtaithe agus díluchtaithe d’uiscebhealaigh intíre a bhaineann le cuid an uiscebhealaigh intíre nó leis na calafoirt luchtaithe agus díluchtaithe muirí a bhaineann leis an gcuid mhuirí den turas.
Iompar trasteorann
Féadfaidh gach tarlóir a bhunaítear i dtír AE a chomhlíonann na coinníollacha rochtana ar shlí bheatha agus rochtain ar an margadh chun earraí a iompar idir tíortha AE, i gcomhthéacs oibríochta iompair traschórais, codanna tarlaithe tosaigh agus/nó deiridh bóthair ar dlúthchodanna iad den oibríocht agus a bhféadfadh trasnú teorann a áireamh ann nó gan a áireamh ann.
Leagtar amach sa treoir rialacha sonracha maidir le hoibríochtaí iompair traschórais i gcás ina ndéanann an páirtí seolta/glactha an chuid tarlaithe tosaigh/deiridh bóthair ar a fhéinchuntas. Ansin féadfaidh an páirtí glactha/seolta an oibríocht iompair a dhéanamh ar a fhéinchuntas faoi choinníollacha áirithe.
Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 comhrialacha de chuid AE maidir le rochtain ar mhargadh tarlaithe AE atá dírithe ar tharlóirí neamhchónaitheacha a dhéanann cabatáiste de bhóthar (féach achoimre).
Oibleagáidí thíortha AE
Ní mór do thíortha AE bearta a dhéanamh chun a chinntiú go ndéantar na cánacha mótarfheithicle is infheidhme maidir le feithiclí bóthair a iompraítear in iompar traschórais a laghdú nó a aisíoc.
Athbhreithniú
Ní mór don Choimisiún Eorpach tuarascáil a tharraingt suas don Chomhairle gach 2 bhliain ar fhorbairt iompair traschórais.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Idirmhodúl: earraí a iompar ag úsáid seirbhísí iarnróid, uiscebhealaigh intíre nó muirí dteannta le hiompar de bhóthar.
Cabatáiste: i gcás ina ndéanann tarlóir atá cláraithe i dtír amháin den Aontas iompar náisiúnta i dtír eile den AE.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an maidir le comhrialacha a bhunú maidir le cineálacha áirithe iompair traschórais earraí idir na Ballstáit (IO L 368, , lgh. 38-42)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, , lgh. 72-87)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 96/53/CE ón gComhairle an lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, , lgh. 59-75)