Mar chuid de phacáiste reachtaíochta maidir le bainistíocht aerthráchta atá dírithe ar aerspás Eorpach aonair a chruthú, sainmhínítear sa rialachán seo ceanglais choiteanna chun idir-inoibritheacht a ráthú idir na córais éagsúla bhainistíochta aerthráchta a úsáidtear.
Bunaítear leis córas comhchuibhithe deimhniúcháin do chomhpháirteanna agus do chórais, agus tá dhá aidhm leis:
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur aisghaireadh an rialachán le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 (féach achoimre) le héifeacht ó mhí Mheán Fómhair 2018, cé go mbeidh cuid dá rialacha infheidhme fós go dtí an 12 Meán Fómhair 2023.
Ceanglais riachtanacha
Ní mór don líonra Eorpach um bainistíocht aerthráchta, dá chórais agus dá chomhábhair ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh. Is de dhá chineál iad sin.
Rialacha cur chun feidhme maidir le hidir-inoibritheacht
Maidir leis na rialacha cur chun feidhme maidir le hidir-inoibritheacht, ní foláir nó go ndéanfar an méid a leanas leo:
Sonraíochtaí pobail
Maidir leis na sonraíochtaí sin féadfar an méid a leanas a bheith san áireamh:
Dearbhú comhréireachta an Chomhphobail Eorpaigh nó oiriúnacht maidir le húsáid comhpháirteanna
Bearta cosanta
Socruithe idirthréimhseacha
Tá sé i bhfeidhm ón 20 Aibreán 2004.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 26-42).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012, Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 agus Rialachán (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le bainistíocht aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta, dearadh struchtúr aerspáis agus cáilíocht sonraí, sábháilteacht rúidbhealaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 73/2010 (IO L 104, 3.4.2020, lgh. 1–243).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE), Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lgh. 1-122).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos ceanglais maidir le spásáil bealaí gutha don aerspás Eorpach aonair (IO L 320, 17.11.2012, lgh. 14–24).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún an 30 Márta 2009 lena leagtar síos ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid chóid cheistiúcháin Mhód S don aerspás Eorpach aonair (IO L 84, 31.3.2009, lgh. 20–32).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí don aerspás Eorpach aonair (IO L 13, 17.1.2009, lgh. 3–19).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2007 lena leagtar síos ceanglais maidir le prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a chur i bhfeidhm a úsáidtear chun críche fógra a thabhairt, comhordú agus aistriú eitiltí idir aonaid rialaithe aerthráchta (IO L 146, 8.6.2007, lgh. 7–13).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2006 lena leagtar síos na ceanglais maidir le nósanna imeachta do phleananna eitilte sa chéim réamheitilte don aerspás Eorpach aonair (IO L 186, 7.7.2006, lgh. 46–50)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2006 lena leagtar síos ceanglais maidir le córais uathoibríocha chun sonraí eitilte a mhalartú chun críche fógra a thabhairt, comhordú agus aistriú eitiltí idir aonaid rialaithe aerthráchta (IO L 186, 7.7.2006, lgh. 27–45).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat maidir le cruthú an aerspáis Eorpaigh aonair (an creat-Rialachán) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) - Ráiteas ó na Ballstáit maidir le saincheisteanna míleata a bhaineann leis an aerspás Eorpach aonair (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1–9).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 10–19)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus le húsáid an aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) - ráiteas ón gCoimisiún (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 20–25).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 24.06.2022