Creat maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair a chruthú

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 – lena leagtar síos an creat chun an tAerspás Eorpach Aonair a chruthú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Údaráis mhaoirseachta náisiúnta

An Coiste um Aerspás Aonair

Rialacha cur chun feidhme

Féadfaidh baint a bheith ag an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachtal (Eurcontrol) le forbairt rialacha cur chun feidhme a thagann faoina shainchúram, ar bhonn sainorduithe arna gcomhaontú ag an gCoiste um Aerspás Aonair.

Athbhreithniú feidhmíochta

Leis an rialachán, tugtar sásra athbhreithnithe feidhmíochta isteach le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Áirítear leis sin:

Le rialachán cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, leagtar síos na rialacha maidir leis an scéim feidhmíochta a oibriú le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra, agus na cinn a bhaineann leis an scéim muirir dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta (féach an achoimre).

Spriocanna feidhmíochta

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1688, leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an gceathrú tréimhse thagartha reatha ón go dtí an .

Coimircí

Ní chuirtear cosc leis an rialachán seo ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm a theastaíonn chun leasanna riachtanacha slándála nó beartais chosanta a chosaint.

Aisghairm

Aisghaireadh agus athmhúnlaíodh Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 le Rialachán (AE) 2024/2803 (féach an achoimre). Beidh roinnt forálacha a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus le pionóis i bhfeidhm go dtí an . Lean an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta a bunaíodh ar bhonn an Rialacháin sin lena fheidhm a fheidhmiú go dtí an . Tá feidhm fós ag na forálacha maidir leis an scéim feidhmíochta, agus forálacha na scéime muirir dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, chun críocha chur chun feidhme na scéimeanna a bhaineann leis an tríú agus leis an gceathrú tréimhse thagartha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Tá Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ina chuid de phacáiste reachtaíochta ar bhainistíocht aerthráchta atá deartha chun Aerspás Eorpach Aonair a bhunú lena áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr agus is féidir as aerspás Eorpach chun freastal ar riachtanais gach úsáideora aerspáis.

Cuimsítear sa chéad phacáiste um aerspás Eorpach aonair an rialachán réime seo agus trí rialachán maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar (Rialachán (CE) Uimh. 550/2004), eagrú agus úsáid an aerspáis (Rialachán (CE) Uimh. 551/2004) a athmhúnlaíodh agus a aisghaireadh le Rialachán (AE) 2024/2803) agus idir–inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (faoi Rialachán (AE) 2018/1139 nó rialacháin tarmligthe nó rialacháin chur chun feidhme eile lenar athmhúnaíodh agus lenar aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 anois). Tá na rialacháin sin deartha, go háirithe, chun sábháilteacht a fheabhsú agus a threisiú agus chun an t–aerspás a atheagrú ar bhonn tráchta in ionad teorainneacha náisiúnta. Rinneadh iad a leasú sa dara pacáiste um aerspás Eorpach Aonair in 2009 le Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Bloic feidhme aerspáis. Bloc aerspáis atá bunaithe ar riachtanais oibríochta seachas teorainneacha náisiúnta, i gcás ina bhfuil seirbhísí aerloingseoireachta agus seirbhísí gaolmhara bunaithe ar fheidhmíocht agus barrfheabhsaithe chun comhar feabhsaithe a thabhairt isteach, i ngach bloc feidhme aerspáis, i measc soláthraithe seirbhíse aerloingseoireachta nó, más iomchuí, soláthraí comhtháite.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos an creat chun an t–aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Rialachán réime) (IO L 96, , lgh. 1–9).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) 549/2004 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú deireanach