Féachtar leis le hardchaighdeán a rathú i dtaobh cáilíocht agus sábháilteacht táirgí íocshláinte in AE, agus áirítear leis bearta chun an nuálaíocht agus an t–iomaíochas a spreagadh.
Leagtar síos leis nósanna imeachta maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n–úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus bunaítear leis an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA).
Tugtar isteach leis an rialachán nós imeachta údaruithe i gcomhair táirgí íocshláinte a bheidh de bhreis ar chórais náisiúnta atá ann cheana.
Is éigeantach é an nós imeachta láraithe sin le haghaidh iad seo a leanas:
Is roghnach é an nós imeachta i gcás ina bhfuil:
Bíonn údarú bunaithe ar cháilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht, maireann sé 5 bliana agus féadfar é a athnuachan.
Tá feidhm ag prionsabail chosúla, le coigeartú éigin, maidir le táirgí atá ceaptha i gcomhair úsáid tréidliachta.
Féadfar údarú a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le sláinte agus leas ainmhithe nó sábháilteacht tomhaltóirí, nó dá bhféadfadh iarmhair dhíobhálacha a bheith i mbia don duine a thagann ó ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu.
Faireachán (Cógas-aireachas)
Ina theannta sin, déantar daingniú leis an rialachán ar nósanna imeachta faireacháin. Ní mór do thíortha AE an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas sa chás ina ndéanann an monaróir nó an t–allmhaireoir mainneachtain a n–oibleagáidí a chomhlíonadh faoi údarú.
I gcás ina bhfuil gá le gníomh práinneach chun sláinte an duine nó an comhshaol a chosaint, féadfaidh tír AE úsáid táirge íocshláinte a chur ar fionraí. Ní mór do shealbhóir an údaraithe an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an Coimisiún agus tíortha eile AE a chur ar an eolas faoi aon athrú nó fionraí den sórt sin.
Déanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach an bunachar sonraí EudraVigilance a riar chun faisnéis faireacháin a thiomsú, agus tuairiscíonn sí don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
Cuimsítear sa Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, agus ina coistí, ionadaithe ó thíortha AE agus sainchomhairleoirí. Tá sí freagrach as:
Faoi Rialachán (AE) 2018/1718, i gcomhthéacs go bhfuil sé i gceist ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siad ó AE, athlonnófar suíochán na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí ó Londain chuig Amstardam ón .
Tá an rialachán i bhfeidhm ón seachas rialacha áirithe a bhfuil feidhm leo ón (Teidil I, II, III agus V) agus ón (an 3ú, an 5ú agus an 6ú fleasc den iarscríbhinn).
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n–úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, , lgh. 1-33)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí