Mótarfheithiclí le leantóirí: iompraíocht dóiteáin na n-ábhar a úsáidtear i bhfeistis inmheánacha busanna agus cóistí (go dtí 2014)
Féachtar leis an treoir seo na dlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú a bhaineann le hiompraíocht dóiteáin na n-ábhar a úsáidtear i bhfeistis inmheánacha busanna agus cóistí.
ACHT
Treoir 95/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompraíocht dóiteáin na n-ábhar a úsáidtear i bhfeistis inmheánacha de chatagóirí áirithe mótarfheithiclí.
ACHOIMRE
Faoin Treoir seo, cuirtear i bhfeidhm go páirteach nós imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail Eorpaigh (CE), nós imeachta atá leagtha síos i dTreoir 70/156/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cineálcheadú mótarfheithiclí agus a leantóirí. Bíonn feidhm, mar sin, ag forálacha na Treorach 70/156/EEC maidir le córais, le comhpháirteanna agus le haonaid theicniúla feithicle, chun críocha na Treorach 95/28/CE.
Pléitear sa Treoir le hiompraíocht dóiteáin (inadhainteacht, ráta dócháin agus iompraíocht chomhleá) na n-ábhar a úsáidtear i mbusanna agus i gcóistí de chatagóir M3, busanna agus cóistí ina n-iompraítear breis is 22 phaisinéir.
Ní thagann busanna agus cóistí ina n-iompraítear paisinéirí a mbíonn ina seasamh, nó a úsáidtear i gceantair uirbeacha, faoi raon na Treorach seo.
Ní ceadmhach do na Ballstáit diúltú do na nithe seo a leanas ná cosc a chur orthu: cineálcheadú CE nó náisiúnta a dhámhachtain maidir le feithicil/comhpháirt a dhíol, a chlárú, a chur ar an mbóthar nó a úsáid, a chomhlíonann ceanglais na Treorach seo.
Aisghairfear an Treoir seo le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 le héifeacht ón 1 Samhain 2014.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 95/28/CE |
13.12.1995 |
24.10.1999 |
IO L 281, 23.11.1995 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
1.5.2004 |
1.5.2004 |
IO L 236, 23.9.2003 |
|
Treoir 2006/96/CE |
1.1.2007 |
1.1.2007 |
IO L 363, 20.12.2006 |
Treoir 2013/15/AE |
1.7.2013 |
1.7.2013 |
IO L 158, 10.6.2013 |
Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014