Treoir 2012/18/AE maidir le guaiseacha mórthionóisce a rialú lena mbaineann substaintí contúirteacha
Is é is aidhm léi guaiseacha mórthionóisce lena mbaineann substaintí contúirteacha a rialú, go háirithe ceimiceáin.
Leis an Treoir seo, Seveso-III mar a thugtar air, leasaíodh Seveso-II roimhe sin, (Treoir 96/82/CE), lenar leasaíodh, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó thionóiscí níos déanaí amhail Bhopal, Toulouse nó Enschede, an bhun-Treoir Seveso (Treoir 82/501/CEE), i ndiaidh don tionóisce thubaisteach i mbaile Seveso san Iodáil in 1976 glacadh reachtaíochta maidir le cosc agus rialú tionóiscí dá leithéid a spreagadh.
Athraíodh an reachtaíocht chun cearta níos láidre a thabhairt don phobal. Soláthraítear leis an reachtaíocht sin rochtain níos fearr ar fhaisnéis maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh tarlú ó shuiteálacha tionsclaíocha in aice láimhe agus cad le déanamh i gcás tionóisce.
Ní foláir nó go mbeidh an fhaisnéis sin, ina mínítear an dóigh a mbuailfear rabhaidh agus cad ba cheart don phobal a dhéanamh, ar fáil ar líne.
Cad iad na hathruithe?
Cumhdaítear faoin dlí anois thart ar 12,000 láithreán tionsclaíoch ar fud AE ina n-úsáidtear nó ina stóráiltear ceimiceáin nó peitriceimiceáin, nó ina ndéantar mínchóireáil ar mhiotal.
Ní mór do gach tír AE a áirithiú go bhfuil bearta i bhfeidhm chun déileáil le tionóiscí i láithreacha thart ar shuiteálacha tionsclaíocha ina bhfuil méideanna móra de tháirgí contúirteacha:
Ní mór do chuideachtaí a láimhseálann na substaintí sin os cionn tairseacha áirithe:
Déantar an méid seo a leanas leis an dlí freisin:
Sa reachtaíocht is déanaí cuirtear san áireamh athruithe áirithe teicniúla Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis an dóigh a ndéantar ceimiceáin a aicmiú.
Agus an ráta tionsclaíochta an-ard in AE á chur san áireamh, chuidigh Treoir Seveso le minicíocht íseal mórthionóiscí a bhaint amach. Meastar go forleathan go bhfuil an Treoir ina tagarmharc maidir le beartas ar thionóiscí tionsclaíocha agus bhí sí ina heiseamláir le haghaidh reachtaíochta i lear mór tíortha ar fud an domhain.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Tá sí i bhfeidhm ón . Ní mór do thíortha AE na rialacha úra a chur i bhfeidhm ón .
Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le guaiseacha mórthionóisce a rialú lena mbaineann substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, , lgh. 1-37)
nuashonrú is deireanaí