Súnna torthaí agus táirgí áirithe dá samhail
ACHOIMRE AR:
Treoir 2001/112/CE i ndáil le súnna torthaí agus táirgí áirithe dá samhail a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine
CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leagtar amach léi rialacha sonracha maidir le comhdhéanamh súnna torthaí, a n–ainmneacha forchoimeádta, a saintréithe monaraíochta agus a lipéadú.
PRÍOMHPHOINTÍ.
Súnna torthaí
Is iad seo a leanas na táirgí atá clúdaithe sa treoir:
- sú torthaí,
- sú torthaí ó dhlúthán,
- sú torthaí dlúth,
- sú torthaí díhiodráitithe/púdraithe,
- sú torthaí uisce–úsctha, agus
- neachtar torthaí.
Sainítear na táirgí sin ar bhonn a gcomhdhéanta agus a bpróiseas ullmhúcháin lena áirithiú go mbainfear úsáid mar is ceart as na téarmaí sa trádáil, agus ní ar bhealach lena bhféadfaí tomhaltóirí a mhíthreorú. Sainítear leis an treoir chomh maith ainmneacha (traidisiúnta) faoi leith a úsáidtear i dtíortha agus i dteangacha áirithe.
Lipéadú
- Déantar súnna torthaí a lipéadú i gcomhréir leis na rialacha ginearálta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le lipéadú earraí bia (féach an achoimre.) Glactar rialacha sonracha breise, áfach, sa treoir seo chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis do thomhaltóirí. Ceanglaítear leo sin go mbeidh an méid seo a leanas soiléir ar ainm an táirge:
- más meascán torthaí éagsúla é an táirge;
- má fuarthas an táirge go hiomlán nó i bpáirt ó dhlúthán.
- Ó glacadh Treoir leasaitheach 2012/12/CE, níl sé údaraithe a thuilleadh siúcraí a chur le súnna torthaí. Maidir le táirgí eile, ba cheart leanúint le siúcraí a cuireadh leis a lipéadú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Ós rud é go raibh sé ceadaithe siúcraí a chur leo roimhe seo, ba rud coitianta é go ndéanfadh oibreoirí gnólachta bia easnamh siúcraí sa bhreis a lipéadú ar na súnna torthaí chun críocha tráchtála tríd an éileamh cothaithe “gan siúcraí sa bhreis”. Dícheadaíodh an t-éileamh sin i ndiaidh idirthréimhse 18 mí.
- Ionas go mbeidh an tionscal ábalta tomhaltóirí a chur ar an eolas mar is ceart le linn na hidirthréimhse agus le linn 18 mí eile i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse, d’fhéadfadh oibreoirí gnólachta bia úsáid a bhaint as ráiteas ar na lipéid ina gcuirtear in iúl do thomhaltóirí, ó dháta áirithe, nach bhfuil siúcraí sa bhreis i súnna torthaí ar bith.
- Maidir le táirgí a dhéantar as 2 thoradh níos mó, ach amháin i gcás go mbaintear úsáid as sú líomóide agus/nó sú líoma, ní mór liosta bheith in ainm an táirge de na torthaí a úsáideadh, in ord íslitheach mhéid na súnna torthaí nó purée atá ann, mar atá léirithe ar liosta na gcomhábhar.
- I gcás táirgí a dhéantar as 3 thoradh nó níos mó, áfach, féadfar na focail “roinnt torthaí” nó focail chomhchosúla nó líon na dtorthaí a úsáideadh a úsáid in ionad léiriú na dtorthaí a úsáideadh.
- I gcás sú torthaí dlúth, mura bhfuil an táirge lena sheachadadh chuig an tomhaltóir deiridh, ní mór a léiriú ar an lipéadú go bhfuil sú líomóide, sú líoma nó oibreáin aigéadaithe curtha leis agus cá mhéad díobh sin atá curtha leis ar an bpacáistiú, ar an lipéad atá ceangailte ar an bpacáistiú nó ar an doiciméad a ghabhann leis.
- Tá liosta sa treoir de na hamhábhair is féidir a úsáid chun sú agus neachtar a dhéanamh, chomh maith leis na breiseáin is féidir a údarú, faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir leis an lipéadú le haghaidh earraí bia.
- Ní mór íosmhéid an tsú torthaí agus/nó an purée torthaí i neachtar torthaí cloí leis na leibhéil atá léirithe sa treoir agus ní mor iad a lua ar lipéadú an táirge.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 12 Eanáir 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 11 Iúil 2003.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 i ndáil le súnna torthaí agus táirgí áirithe dá samhail a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lgh. 58–66)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2001/112/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1040/2014 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2014 lena leasaítear Treoir 2001/112/CE ón gComhairle i ndáil le súnna torthaí agus táirgí áirithe dá samhail a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine chun Iarscríbhinn 1 inti a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil (IO L 288, 2.10.2014, lgh. 1-2)
Nuashonraithe 29.05.2020