Féachtar leis doiciméad idirthurais éascaithe (FTD)1 agus doiciméad idirthurais iarnróid éascaithe (FRTD)2 a bhunú le haghaidh idirthuras sonrach agus díreach ar talamh de náisiúnaigh neamh–AE a chaithfidh críoch ceann amháin nó níos mó de thíortha AE a thrasnú d’fhonn taisteal idir dhá chuid dá dtír féin nach bhfuil tadhlach go geografach.
Déantar FTDanna agus FRTDanna a tháirgeadh i bhfoirm formáide aonfhoirmí (greamán) agus tá an luach céanna leo is atá le víosaí idirthurais. Cloíonn siad leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 694/2003, a glacadh i gcomhthráth le Rialachán Uimh. 693/2003.
Tá feidhm leis ón .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, , lgh. 8-14)
nuashonrú is deireanaí