Gníomhartha coiriúla agus na pionóis is infheidhme — gáinneáil ar dhrugaí

ACHOIMRE AR:

Cinneadh réime 2004/757/CGB — rialacha íosta maidir le cionta agus pionóis a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Is é is aidhm leis gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac chun teorainn a chur le soláthar agus úsáid drugaí (sainithe sna “Príomhphointí” thíos).

Leagtar síos ann na rialacha íosta nach mór cloí leo agus na pionóis íosta a bheidh le cur i bhfeidhm ag tíortha AE.

Liostaítear ann na gníomhartha inphionóis a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí agus cuirtear oibleagáid ar thíortha AE leis maidir le bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine a bhíonn páirteach i ngáinneáil dá leithéid.

Rinneadh an Cinneadh Réime a leasú le Treoir (AE) 2017/2103 chun infhaighteacht substaintí sícighníomhacha nua1 a laghdú tríd an mbealach le gníomh níos éifeachtaí a dhéanamh ar leibhéal AE a thabhairt isteach. Beidh an leasú i bhfeidhm go hiomlán ón i leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cionta

Ceanglaítear leis an gcinneadh réime ar gach tír AE na bearta is gá a dhéanamh chun pionós a ghearradh ar gach gníomh d’aon toil a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhrugaí agus ar réamhtheachtaithe2.

Sainítear “druga” sa chinneadh mar shubstaint atá cumhdaithe faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971. Nuair a thiocfaidh an leasú ar an gCinneadh Réime in éifeacht i mí na Samhna 2018, cuimseofar ceann ar bith de na substaintí atá liostaithe in iarscríbhinn an chinnidh leasaithe sa sainmhíniú ar dhrugaí.

Áirítear ar ghníomhartha a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí táirgeadh, déanamh, baint, díol, iompar, allmhairiú agus onnmhairiú. Cuirtear seilbh agus ceannach drugaí d’fhonn páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí san áireamh chomh maith, mar aon le déanamh, iompar agus dáileadh réamhtheachtaithe. Meastar go bhfuil gríosú chun gáinneáil ar dhrugaí a dhéanamh, rannpháirteachas i ngníomhaíocht den sórt sin, agus iarraidh a thabhairt gáinneáil a dhéanamh ar dhrugaí ina gcionta chomh maith.

Ní chumhdaítear gníomhaíochtaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine le haghaidh úsáid phearsanta faoin gcinneadh réimse seo, áfach.

Cuimsiú na substaintí sícighníomhacha nua sa sainmhíniú ar “dhruga” (infheidhme ón i leith).

Le Treoir (AE) 2017/2103 tugtar isteach nós imeachta maidir leis na substaintí sícighníomhacha nua sa sainmhíniú ar “dhruga”. Tugtar an chumhacht don Choimisiún Eorpach chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun substaintí sícighníomhacha nua a chur leis an liosta san iarscríbhinn. Cuirfear é sin in ionad an chleachtais reatha maidir le substaintí sícighníomhacha nua a sceidealú trí Chinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/2170 ón gComhairle faoi Chinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle.

Le linn don Choimisiún breithniú a dheanamh i gcomhair substaint nua a chur leis an liosta, ní mór don Choimisiún an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Chomh maith leis sin, ní mór don Choimisiún a mheas cibé an bhfuil nó nach bhfuil an dochar sóisialta a dhéanann an tsubstaint shícighníomhach nua do dhaoine aonair nó don tsochaí géar agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil gníomhaíochtaí coiriúla, lena n–áirítear coireacht eagraithe, a bhaineann leis an tsubstaint shícighníomhach nua córasach, an bhfuil nó nach bhfuil brabúis mhídhleathacha shuntasacha ag baint leoan mbaineann nó nach mbaineann costais eacnamaíocha shuntasacha leo.

Chun tacú le cinnteoireacht an Choimisiúin, ullmhóidh an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA) tuarascáil ar mheasúnú riosca ina bpléifear na gnéithe sin.

I gcomhthráth le glacadh Threoir (AE) 2017/2103, ghlac AE Rialachán (AE) 2017/2101 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 maidir le malartú faisnéise, córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua. Beidh éifeacht iomlán leis an rialachán ón .

Dliteanas daoine dlítheanacha

Ní mór do thíortha AE bearta a dhéanamh lena n–áiritheofar gur féidir daoine dlítheanacha (mar shampla, gnólachtaí) a thabhairt chun cuntais i gcomhair cionta a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí agus ar réamhtheachtaithe, agus i gcomhair rannpháirteachais i ngníomhaíocht den sórt sin, gníomhaíocht den sórt sin a ghríosú nó iarraidh a thabhairt gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh. Ní áirítear leis an gcoincheap um dhaoine dlítheanacha faoi mar a úsáidtear anseo é stáit agus comhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú a gcumhachtaí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

Beidh eagraíocht faoi dhliteanas más é duine ag a bhfuil príomhphost san eagraíocht sin a dhéanann an cion. Beidh sí freagrach chomh maith as easnaimh i maoirseacht agus i rialú. Mar sin féin, ní eisiaitear imeachtaí i gcoinne daoine aonair (daoine nádúrtha) as dliteanas daoine dlítheanacha.

Smachtbhannaí

Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a dhéanamh lena n–áiritheofar go mbeidh na cionta faoi réir pionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

Má dhéantar cion go hiomlán ná i bpáirt laistigh de chríoch thír AE, beidh ar an tír sin bearta a dhéanamh, ar an gcoinníoll gur náisiúnach dá cuid féin an ciontóir nó go ndearna an cion ar mhaithe le duine dlítheanach atá bunaithe laistigh dá críoch.

Ní foláir nó go mbeidh idir 1 bhliain agus 3 bliana príosúnachta ar a laghad i gceist leis na pionóis íosta as cionta gáinneála ar dhrugaí.

Ní mór na pionóis íosta, áfach, a mhéadú go dtí 5 bliana go 10 mbliana príosúnachta ar a laghad sna cásanna seo a leanas maidir leis an gcion:

Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a dhéanamh chomh maith chun substaintí ar ábhar cionta iad a choigistiú.

Féadfar pionóis a laghdú, áfach, má thréigeann an ciontóir a ghníomhaíochtaí mídhleathacha agus má chuireann sé faisnéis ar fáil do na húdaráis riaracháin nó dhlíthiúla a bheidh ina chuidiú chun ciontóirí eile a shainaithint.

Ní foláir nó go n-áireofaí fíneálacha i gcomhair cionta coiriúla nó neamhchoiriúla le smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha. Féadfar smachtbhannaí eile a fhorchur chomh maith, lena n–áirítear an foras a chur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach nó é a dhúnadh ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Substaint shícighníomhach nua: substaint i bhfoirm íon nó in ullmhóid nach bhfuil cumhdaithe faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha, 1971, ach a bhféadfadh rioscaí sláinte nó sóisialta bheith ag baint leo cosúil leis na rioscaí a bhaineann leis na substaintí atá cumhdaithe faoi na Coinbhinsiúin sin.
  2. Réamhtheachtaí: substaint ar bith atá liostaithe i reachtaíocht AE lena dtugtar éifeacht do na hoibleagáidí a thagann as Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha an .

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála neamhdhleathaí ar dhrugaí (IO L 335, , lgh. 8-11)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Réime 2004/757/CGB a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo a luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí