Deimhniú taistil éigeandála (DTÉ)

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 96/409/CBES maidir le deimhniú taistil éigeandála a bhunú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Níl feidhm ag an gcinneadh maidir le pasanna náisiúnta atá imithe in éag; baineann sé go sonrach le cásanna ina gcailltear, ina ngoidtear no, ina scriostar doiciméid taistil nó mura mbíonn fáil orthu go sealadach.

DTÉ a fháil

Eisíonn ambasáidí agus consalachtaí thíortha AE DTÉanna sna himthosca seo a leanas:

Ní mór don iarrthóir foirm iarratais mar aon le fótachóipeanna deimhnithe de chruthúnas céannachta agus náisiúntachta, a bhfuil fáil air, a sheoladh chuig an údarás atá ainmnithe ag a dtír thionscnaimh.

Muirir agus táillí

Bailíonn an tír AE a eisíonn an DTÉ na muirir agus na táillí céanna ón iarrthóir is a ghearrann sí chun pas éigeandála a eisiúint de ghnáth. Gheobhaidh iarrthóir nach bhfuil ábalta caiteachas áitiúil ar bith eile a íoc, nuair is cuí, na cistí riachtanacha faoi mar a ordódh a thír/tír thionscnaimh féin, de réir Chinneadh 95/553/CE (a aisghairfear le Treoir (AE) 2015/637 ón i leith).

Tréimhse bailíochta

Lena chinntiú go mbíonn saoránaigh in ann filleadh ar áit áirithe, ba cheart go mbeadh an DTÉ bailí ar feadh beagáinín níos faide ná an íostréimhse ama a thógann sé chun an turas a chríochnú, an turas a eisítear an deimhniú ina leith. Ba cheart stadanna thar oíche agus an t-am a thógann sé chun ceangail taistil a dhéanamh a chur san áireamh agus an tréimhse seo á leagadh amach.

Bearta slándála

Pléitear in Iarscríbhinn III den chinneadh na bearta slándála a bhaineann le DTÉ. Airítear orthu sin gnéithe amhail an cineál páipéir agus an córas uimhrithe a úsáidfear, chomh maith leis an dóigh a ndéantar séala an údaráis eisiúna a ghreamú.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 96/409/CBES ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an maidir le deimhniú taistil éigeandála a bhunú (IO L 168, , lgh. 4–11)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 96/409/CBES a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí