An Coinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta

Prótacal leasaitheach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cosaint Ainmhithe a choimeádtar chun críocha Feirmeoireachta

Cinneadh 78/923/CEE maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Eorpaigh ar chosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta

Cinneadh 92/583/CEE ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail leasaithigh a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach ar chosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS NA CINNTÍ?

Is é is cuspóir leis an gcoinbhinsiún seo, a síníodh faoi choimirce Chomhairle na hEorpa, comhchaighdeáin íosta a leagan síos le haghaidh cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta sna tíortha sínithe.

Rinneadh an coinbhinsiún a leasú sa bhliain 1992 leis an bprótacal leasaitheach.

Deimhníodh tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta agus an Phrótacail leasaithigh a ghabhann leis le Cinneadh 78/923/CEE agus Cinneadh 92/583/CEE faoi seach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an coinbhinsiún seo le hainmhithe a thógtar nó a choinnítear chun bia, olann, craiceann nó fionnadh a tháirgeadh nó chun críocha eile feirmeoireachta, lena n–áirítear ainmnithe atá mar thoradh ar an modhnú géiniteach nó ar mheascáin ghéiniteacha nua. Baineann sé le hainmhithe a choinnítear i gcórais diantógála stoic, ach go háirithe.

Is é is aidhm leis an gcoinbhinsiún ainmhithe feirme a chosaint ar aon fhulaingt nó díobháil gan ghá mar thoradh ar a dtithíocht, an bheatha a thugtar dóibh nó an cúram a fhaigheann siad. D’fhonn an chuspóir sin a bhaint amach, ní mór do na tíortha a shínigh an coinbhinsiún rialacha sonracha maidir le, i measc nithe eile, háitreabh feirme (spás agus an timpeallacht), beatha, sláinte na n–ainmhithe agus an eagraíocht cigireachtaí ar na suiteálacha teicniúla a úsáidtear i gcórais diantógála stoic nua–aimseartha, a chomhlíonadh.

Cruthaítear Buanchoiste leis an gcoinbhinsiún chun monatóireacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coiste moltaí do na tíorthasínithe a dhréachtú agus a ghlacadh.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an .

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Coinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 323, , lgh. 14-22)

Prótacal leasaitheach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 395, , lgh. 22-24)

Cinneadh 78/923/CEE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 323, , lgh. 12-13)

Cinneadh 92/583/CEE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail leasaithigh a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chosaint Ainmhithe a choinnítear Chun Críocha Feirmeoireachta (IO L 395, , lch. 21)

nuashonrú is deireanaí