Seiceálacha ar allmhairí ainmhithe beo

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 91/496/CEE maidir leis na prionsabail a rialaíonn eagrú seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe a théann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Sainítear leis an Treoir na socruithe maidir le seiceálacha ag teorainneacha seachtracha agus maidir le gluaiseacht inmheánach ainmhithe beo ó thíortha neamh-AE. Tá sé forlíonta le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir leis na rialuithe oifigiúla beatha agus bia.

PRÍOMHPHOINTÍ

Seiceálacha tréidliachta

Tá coinsíneachtaí uile ainmhithe beo ó thír neamh-AE faoi réir seiceálacha tréidliachta arna gceangal leis an treoir seo sular féidir iad a thabhairt isteach in AE. Déanann an t-údarás inniúil na seiceálacha sin ag pointí cigireachta teorann faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil. Áirítear leis na seiceálacha sin:

Leagtar síos leis an Treoir na rialacha maidir leis na seiceálacha nach mór cloí leo agus na nósanna imeachta nach mór cloí leo maidir le hainmhithe a chur i gcoraintín. Lena chois sin, déantar foráil i gCinneadh 97/794/CE i leith rialacha sonracha maidir le seiceálacha doiciméadacha, seiceálacha sainaitheantais agus seiceálacha fisiceacha.

I gcás go n-urramaítear na coinníollacha allmhairíochta tréidliachta agus nach bhfuil dainséir ar bith ann don phobal nó do shláinte ainmhithe, eiseoidh an tréidlia oifigiúil atá freagrach as an bpointe cigireachta teorann deimhniú. Soláthraítear an deimhniú sin i gcomhréir leis an teimpléad a sholáthraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 282/2004 a bhaineann le doiciméad a chur i láthair maidir le dearbhú ainmhithe ó thíortha neamh-AE a thagann isteach in AE agus maidir le seiceálacha tréidliachta orthu.

Soláthraítear leis an treoir an nós imeachta atá le cur chun feidhme nuair a léirítear sna seiceálacha nach gcomhlíonann ainmhí na coinníollacha arna leagan síos le rialachán Eorpach nó má bhíonn mírialtacht i gceist leis an gcoinsíneacht.

Pointí cigireachta teorann

Leagtar amach leis an treoir na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na pointí cigireachta teorann chun go bhfaomhfaidh an Coimisiún Eorpach iad. Foilsíonn an Coimisiún Eorpach liosta de na pointí cigireachta teorann san Iris Oifigiúil.

Córais faisnéise

Tugann an Coimisiún Eorpach malartú faisnéise isteach lena nasctar na seirbhísí cigireachta teorann agus údaráis tréidliachta thíortha AE le córas TRACES an Choimisiúin. Cuireadh an córas malartaithe faisnéise sin, ina gcuimsítear na gnéithe uile a bhaineann le hallmhairiú agus le hidirthuras ainmhithe ó thríú tíortha, in ionad an chórais SHIFT ó 2003 i leith.

Trasdul ainmhithe ó thríú tíortha

Leagtar amach leis an treoir na coinníollacha maidir le hiompar ainmhithe ó thír neamh-AE go tír neamh-AE eile. Ní mór d’ainmhithe a iompraítear trasna chríoch AE na coinníollacha atá leagtha síos i reachtaíocht AE a chomhlíonadh. Más gá, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh iad a gcur i gcoraintín, nó a eagrú go ndéanfar iad a ath-allmhairiú nó a mharú.

Bearta cosanta

I gcás galair a tharlaíonn ar chríoch thír neamh-AE a bhaineann bagairt thromchúiseach leis ar ainmhithe nó ar shláinte an duine, féadfaidh an Coimisiún cosc a chur ar allmhairiú ainmhithe ón tír lena mbaineann nó coinníollacha speisialta a leagan síos maidir lena n-allmhairiú nó lena dtrasdul.

Cigireachtaí

Ní mór do shaineolaithe tréidliachta ón gCoimisiún, i gcomhar le húdaráis inniúla thíortha AE, a fhíorú go gcomhlíonann na pointí cigireachta teorann agus na stáisiúin choraintín na cheanglais um fhaomhadh. Cuireann an Coimisiún torthaí na gcigireachtaí a rinneadh in iúl do thíortha AE.

Nós imeachta coiste

Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha leis an gCoimisiún ina shainchúram.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis an treoir ón 19 Lúnasa 1991. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoi 1992.

Cúlra

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 91/496/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 lena leagtar síos na prionsabail a rialaíonn eagrú seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe a théann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoir 89/662/CEE, Treoir 90/425/CEE agus Treoir 90/675/CEE (IO L 268, 24.9.1991, lgh. 56-68)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 91/496/CE ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE ón gComhairle agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142)

Féach an leagan comhdhlύite.

Cinneadh 2009/821/CE ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2009 lena ndréachtaítear liosta de phointí cigireachta teorann faofa, lena leagtar síos rialacha áirithe maidir leis na cigireachtaí arna ndéanamh ag saineolaithe tréidliachta an Choimisiúin agus lena leagtar síos na haonaid tréidliachta in Traces (IO L 296, 12.11.2009, lgh. 1-58)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2007 maidir le liosta de na hainmhithe agus de na táirgí a bheidh faoi réir rialuithe ag pointí cigireachta teorann faoi Treoir 91/496/CEE ón gComhairle agus faoi Threoir 97/78/CE ón gComhairle (IO L 116, 4.5.2007, lgh. 9-33)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 12.10.2018