Úsáid breiseán in ábhar beatha

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach nós imeachta caighdeánaithe leis le haghaidh breiseáin beatha1 a údarú agus leagtar síos rialacha leis maidir lena lipéadú, lena gcur ar an margadh agus lena n–úsáid.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le breiseáin beatha agus réamh-mheascáin2 uile. Níl feidhm léi i dtaca le:

Gnéithe ginearálta

Ní féidir ach breiseáin údaraithe a chur ar an margadh agus a úsáid. Deonaítear údaruithe le haghaidh a n–úsáid i mbeatha do speicis nó catagóirí d’ainmhithe sainiúla agus le haghaidh coinníollacha úsáide sainiúla.

Féadtar breiseáin a chatagóiriú mar a leanas:

Déantar na catagóirí iad féin sin a roinnt ina ngrúpaí feidhmiúla de réir phríomhfheidhmeanna na mbreiseán.

Ní breiseáin beatha antaibheathaigh, seachas coicideastait nó histeamonastait.

Cineálacha na n–údaruithe

Tá 2 chineál údaruithe ann:

Bíonn údaruithe bailí le haghaidh 10 mbliana ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE). Is féidir iad a athnuachan le haghaidh thréimhse 10 mbliana. Ní mór iarratas ar athnuachan a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach tráth nach déanaí ná 1 bhliain roimh dhul in éag an údaraithe. Tá an nós imeachta maidir le hathnuachan leagtha amach sa rialachán.

Leagtar síos nós imeachta freisin leis an rialachán le haghaidh an t–údarú a mhionathrú, a chur ar fionraí nó a aisghairm.

Nós imeachta údaraithe

Clár AE

Bhunaigh an Coimisiún Clár Breiseán Beatha an Aontais Eorpaigh, a dhéantar a nuashonrú go rialta, agus tá nasc ann leis na rialacháin údaraithe ábhartha. Áirítear leis na rialacháin sin na riachtanais shainiúla le haghaidh breiseáin a chur ar an margadh.

2 chuid ann:

Tá an clár ann chun críocha faisnéise agus níl sé in ionad achtanna dlíthiúla AE.

Lipéadú

Ní mór breiseáin a lipéadú ar dhóigh atá feiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta. Ní foláir nó go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad:

Leagtar síos riachtanais leis an rialachán freisin le haghaidh réamh-mheascáin agus breiseáin beatha a lipéadú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm aige ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Breiseáin beatha substaintí, micrea-orgánaigh nó ullmhóidí, seachas ábhar beatha agus réamh-mheascáin, a chuirtear d’aon ghnó le beatha nó le huisce d’fhonn ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a leanas, go háirithe, a fheidhmiú:
  2. Réamh-mheascáin: meascáin de bhreiseáin beatha nó meascáin de bhreiseán beatha amháin nó níos mó le hábhair beatha nó uisce a úsáidtear mar iompróirí, nach bhfuil beartaithe chun a bheathú go díreach d’ainmhithe.
  3. Áiseanna próiseála: aon substaint nach ndéantar a thomhailt mar ábhar beatha leis féin, a úsáidtear d’aon ghnó le haghaidh ábhair beatha nó bunábhar beatha a phróiseáil chun críche teicneolaíche le linn cóireála nó próiseála. D’fhéadfadh an toradh neamhbheartaithe a bheith air sin — ach toradh atá dosheachanta go teicniúil — go mbíonn iarmharaigh na substainte nó a díorthach i láthair sa táirge deiridh (ar an gcoinníoll nach mbíonn iarmhairt dhiúltach ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol ag na hiarmharaigh sin agus nach mbíonn aon iarmhairtí teicneolaíocha ar an mbeatha críochnaithe acu).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le breiseáin bia le húsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, , lgh. 29-43)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí