Faireachán a dhéanamh ar shubstaintí a ngabhann gníomhaíocht hormónach leo agus ar shubstaintí eile in ainmhithe agus i dtáirgí ainmhithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 96/23/CE maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n‑iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos sa treoir na bearta chun faireachán a dhéanamh ar na substaintí agus ar na grúpaí iarmhar atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Tá na substaintí foroinnte ina dhá ghrúpa:

PRÍOMHPHOINTÍ

Pleananna náisiúnta faireacháin

Sannann tíortha AE an cúram maidir le pleananna a dhréachtú do roinn phoiblí láir nó do chomhlacht poiblí láir chun faireachán a dhéanamh ar bhrath iarmhar nó substaintí sa mhéid seo a leanas:

Comhordaíonn an roinn phoiblí nó an comhlacht poiblí gníomhaíochtaí na ranna láir agus réigiúnacha atá freagrach as faireachán a dhéanamh agus as torthaí an fhaireacháin sin agus na sonraí a chuirfear chuig an Coimisiún Eorpach a bhailiú.

Ní mór do thíortha AE ina dhiaidh sin na pleananna faireacháin maidir le brath na ngrúpaí iarmhar nó na substaintí a chur isteach. Ní mór go gcloífidh na pleananna leis na leibhéil agus na minicíochtaí samplála atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir.

Gach bliain, nó pé uair is iomchuí leis, ní mór don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do thíortha AE laistigh den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. Gach bliain, ní mór don Choimisiún teachtaireacht maidir le torthaí na gníomhaíochta a rinneadh ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta agus ar leibhéal AE a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chomh maith.

Féinfhaireachán agus comhfhreagracht ar thaobh na n-oibreoirí de

Ní mór do thíortha AE go háirithe a áirithiú go mbunaítear lena reachtaíocht an prionsabal maidir le faireachán cáilíochta an tslabhra táirgeachta ag páirtithe éagsúla lena mbaineann agus go gcuirtear dlús leis na bearta féinfhaireacháin (le cuimsiú sna sonraíochtaí le haghaidh trádmharcanna nó lipéad).

Bearta um rialú oifigiúil

Féadfaidh tíortha AE seiceálacha randamacha a dhéanamh ar rialú oifigiúil:

I gcás go nochtar i scrúdú iarmhair substaintí coiscthe nó cainníochtaí de shubstaintí údaraithe lena sáraítear na leibhéil atá leagtha amach i rialacha AE, ní mór do na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile a theastaíonn chun an t-ainmhí agus an fheirm bhunaidh a shainaithint chomh maith le torthaí an scrúdaithe a fháil láithreach.

Má léirítear leis na rialuithe arna ndéanamh ag tír AE go bhfuil gá le himscrúdú nó le gníomhaíocht eile i dtír AE nó neamh-AE amháin nó níos mó, ní mór don tír/na tíortha sin tíortha eile AE agus an Coimisiún a chur ar an eolas dá réir.

Ní mór do thíortha AE, ina gcruthaítear go bhfuil gá le himscrúdú nó le gníomhaíocht eile, na bearta cuí a dhéanamh.

I gcás go measann tír AE nach bhfuil na rialuithe á gcur i gcrích, nó nach bhfuil siad á gcur i gcrích a thuilleadh, ní mór di údarás lárnach inniúil thír AE sin a chur ar an eolas dá réir sin. I ndiaidh imscrúdaithe, ní mór don údarás na bearta uile is gá a dhéanamh. I gcás díospóide, áfach, féadfar fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcúrsa, agus caithfidh an Coimisiún ordú a thabhairt do shaineolaí amháin nó níos mó tuairim a thabhairt.

Bearta a bheidh le déanamh i gcás sáraithe

Cuirfear na pionóis seo a leanas i bhfeidhm i gcás sáraithe:

Allmhairí ó thíortha neamh-AE

Féadfaidh tíortha AE ainmhithe agus táirgí ainmhithe arna gcumhdach faoin Treoir seo a allmhairiú ó na tíortha neamh-AE atá sonraithe ar na liostaí atá ar fáil i reachtaíocht AE.

Tá sé de dhualgas ar na tíortha neamh-AE lena mbaineann plean a chur isteach ina leagtar amach na ráthaíochtaí maidir le faireachán a dhéanamh ar na grúpaí iarmhar agus ar na substaintí dá dtagraítear sa treoir.

Féadfaidh tíortha AE baisc/cuid de bhaisc lena mbaineann a chur ar ais chuig an tír thionscnaimh má bhíonn substaintí neamhúdaraithe sa bhaisc.

Forchuirtear táillí leis an Treoir chun faireachán ar bith a dhéanamh ar ainmhithe/táirgí ainmhithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis an treoir ón 23 Bealtaine 1996. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 30 Meitheamh 1997

Déanfar an treoir a aisghairm le Rialachán (AE) 2017/625 agus cuirfear an Rialachán sin ina hionad ón 14 Nollaig 2019.

Cúlra

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe agus lena n-aisghairtear Comhairle 85/358/CEE agus Comhairle 86/469/CE agus Cinneadh 89/187/CEE agus Cinneadh 91/664/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lgh. 10-32)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 96/23/CE ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dhlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE ón gComhairle agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (An Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142)

Féach an leagan comhdhlúite

Cinneadh 2005/34/CE ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2005 lena leagtar síos caighdeáin chomhchuibhithe tástála d’iarmhair áirithe i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairítear ó thríú tíortha (IO L 16, 20.1.2005, pp. 61-63)

Cinneadh 2002/657/CE ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2002 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 96/23/CE ón gComhairle maidir le feidhmíocht na modhanna anailíseacha agus léirmhíniú na dtorthaí (IO L 221, 17.8.2002, lgh. 8-36)

Féach an leagan comhdhlúite

Cinneadh 98/179/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 1998 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le sampláil oifigiúil an fhaireacháin ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe (IO L 65, 5.3.1998, lgh. 31-34)

Féach an leagan comhdhlúite

Cinneadh 97/747/CE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 1997 maidir le leibhéal agus minicíochtaí na samplála dá bhforáiltear i dTreoir 96/23/CE maidir le faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe (IO L 303, 6.11.1997, lgh. 12-15)

Pleananna faireacháin san Aontas Eorpach

Cinntí ón gCoimisiún lena bhfaomhtar an plean faireacháin chun iarmhair nó substaintí in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe a bhrath:

Cinneadh 98/151/CE (OI L 47, 18.2.1998, lch.17) (an Fhrainc), Cinneadh 98/152/CE (IO L 47, 18.2.1998, p.18) ( an Ríocht Aontaithe), Cinneadh 98/153/CE (IO L 47, 18.2.1998, lch. 19) (an Ostair), Cinneadh 98/154/CE (IO L 47, 18.2.1998, lch. 20) (an Fhionlainn), Cinneadh 98/155/CE (IO L 47, 18.2.1998, lch. 21) (an tSualainn), Cinneadh 98/458/CE (IO L 201, 17.7.1998, lch. 117) (an Bheilg), Cinneadh 98/459/CE (IO L 201, 17.7.1998, lch. 118) (an Ísiltír), Cinneadh 98/460/CE (IO L 201, 17.7.1998, lch. 119) (an Spáinn), Cinneadh 98/390/CE (IO L 175, 19.6.1998, lch. 34) (an Iodáil), Cinneadh 98/391/CE (IO L 175, 19.6.1998, lch. 35) (Éire), Cinneadh 98/492/CE (IO L 223, 11.8.1998, lch. 7) (Lucsamburg), Cinneadh 98/493/CE (IO L 223, 11.8.1998, lch. 8) (an Ghearmáin), Cinneadh 98/494/CE (IO L 223, 11.8.1998, lch. 9) (an Danmhairg), Cinneadh 98/495/CE (IO L 223, 11.8.1998, lch. 10) (an Ghréig), Cinneadh 98/496/CE (IO L 223, 11.8.1998, lch. 11) (an Phortaingéil), Cinneadh 98/497/CE (IO L 223, 11.8.1998, lch. 12) (Italy)

Pleananna faireacháin i dtíortha neamh-AE

Cinneadh 2004/432/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 maidir le faomhadh na bpleananna faireacháin arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le Treoir 96/23/CE (IO L 154, 30.4.2004, lgh. 44-50). Téacs arna athfhoilsiú mar cheartúchán (IO L 189, 27.5.2004, lgh. 33-39)

Féach an leagan comhdhlúite

Saotharlanna tagartha náisiúnta

Cinneadh 98/536/CE ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 1998 ag bunú liosta na saotharlann tagartha náisiúnta chun iarmhair a bhrath (IO L 251, 11.9.1998, lch. 39-42)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 03.09.2018