Baic ar thrádáil – an Sásra Mear–idirghabhála

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 maidir le feidhmiú saorghluaiseachta earraí i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Le Rialachán (CE) Uimh. 2679/98, leagtar amach rialacha a chuidíonn le saorghluaiseacht earraí a áirithiú agus baic fhisiceacha ar thrádáil a chosc (e.g. bacainní teorann, léirsithe/stailceanna nó ionsaithe ar thrucailí) trí chomhroinnt faisnéise faoi na baic sin a éascú idir Ballstát uile an Aontais Eorpaigh (AE).

Féachtar le Rialachán (AE) 2024/2747 (an Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) le gnáthfheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais a áirithiú i gcás géarchéime. Leasaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 chun soiléiriú a thabhairt na rialacha a bhaineann le hearraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime1 nuair a dhéantar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh2 a ghníomhachtú.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón .

Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2024/2747 ón .

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Earraí nó seirbhísí atá neamh–ionadacha, neamh–inéagsúlaithe nó riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chothabháil d’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú, a mheastar a bheith riachtanach chun freagairt do ghéarchéim agus atá liostaithe i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gComhairle.
  2. Modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Creat chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim a bhfuil tionchar diúltach suntasach aici ar an margadh inmheánach a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine nó, i gcás ina raibh nó ina dócha go mbeadh cur isteach tromchúiseach dá leithéid faoi réir bearta náisiúnta éagsúla, ar fheidhmiú a slabhraí soláthair.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle an ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le saorghluaiseacht earraí i measc na mBallstát (IO L 337, , lgh. 8–9).

nuashonrú is déanaí ar