Bunaítear leis an bunús dlí i gcomhair TARIC, taraif chomhtháite AE, agus tugtar isteach comhchóras maidir le hearraí a chódú agus a aicmiú, darb ainm an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC), atá riachtanach i ndáil le staidreamh trádála AE a phróiseáil agus a fhoilsiú.
Bhí feidhm leis ón .
Bunachar sonraí is ea TARIC, taraif chomhtháite AE, ina dtugtar le chéile reachtaíocht tráchtála agus reachtaíocht talmhaíochta agus taraifí custaim. Áirithítear leis sin go gcuireann tíortha AE i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad agus tugtar léargas soiléir ar na bearta go léir atá le glacadh acu siúd a bhfuil baint acu le hallmhairiú chuig AE nó earraí a onnmhairiú ó AE.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, , lgh. 1-675)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí