Leagtar síos rialacha sa choinbhinsiún seo chun feabhas a chur ar chosaint leanaí i gcásanna idirnáisiúnta agus coimhlintí idir córais náisiúnta dhlíthiúla éagsúla a sheachaint.
Tá na tíortha AE uile ina bpáirtí i gCoinbhinsiún na Háige. Ciallaíonn sé sin gur féidir leo brath ar rialacha comhchoiteanna dlí nuair atá siad ag déileáil le tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún, chun leanaí atá bainteach i ndíospóidí idirnáisiúnta a chosaint.
Féachtar sa Choinbhinsiún le leanaí go dtí 18 mbliana d’aois a chosaint, tríd an méid seo a leanas a dhearbhú:
an tír a bhfuil an dlínse aici bearta a dhéanamh chun leanbh nó a maoin a chosaint;
an dlí is infheidhme chun an dlínse sin a fheidhmiú;
an dlí a bhfuil feidhm aige maidir le freagracht tuismitheoirí;
go n-aithnítear na bearta um chosaint agus go bhforfheidhmítear iad i ngach tír shínithe;
comhar idir na tíortha sínithe.
Baineann na bearta a bhfuil sé mar aidhm leo leanbh a chosaint le:
freagracht tuismitheoirí;
cearta coimeádta;
caomhnóireacht;
conas a dhéantar ionadaíocht don leanbh;
socrú an linbh i gcúram altrama nó i gcúram eile;
maoirseacht a dhéanamh ar an gcúram sin;
conas a dhéantar maoin an linbh a bhainistiú.
Cén tír atá freagrach?
Is í an tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh an tír ag a bhfuil an dlínse chun bearta um chosaint a sholáthar.
Is í an tír ina bhfuil siad i láthair:
do dhídeanaithe nó do leanaí easáitithe go hidirnáisiúnta;
do leanaí nach féidir an tír ina bhfuil gnáthchónaí orthu a dhearbhú;
in éigeandálaí (roghnach).
Eisceacht
I gcás faoi leith, má mheastar gur fearr tír eile le measúnú a dhéanamh ar leas an linbh, d’fhéadfadh sé go mbeadh cead aici dlínse a ghlacadh.
Cén dlí atá i bhfeidhm?
Déanann an tír a bhfuil an dlínse á feidhmiú aici amhlaidh faoina dlí féin.
Mar eisceacht, d’fhéadfadh an tír dlí tíre eile a chur i bhfeidhm nó a chur san áireamh a bhfuil dlúthbhaint aici leis an gcás – más chun leas an linbh é sin.
Ní féidir le tír diúltú don dlí a ainmnítear leis an gcoinbhinsiún a chur i bhfeidhm ach ar chúiseanna cuí-réasúnaithe um beartas poiblí agus chun leas an linbh.
Aithint agus forfheidhmiú
Ní mór na bearta a dhéanann tír shínithe faoin gcoinbhinsiún seo maidir le leanbh nó a maoin a chosaint a bheith aitheanta i ngach tír shínithe.
Ní féidir le tír aitheantas a dhiúltú ach i líon teoranta cásanna, arna shainiú sa choinbhinsiún.
Nuair a dhearbhaítear go bhfuil bearta um chosaint in-fheidhmithe i dtír eile, ní mór don tír sin iad a fhorfheidhmiú amhail is go ndearna sí féin iad, agus amhlaidh a dhéanamh de réir a dlí féin.
Comhar
Ní mór do gach tír shínithe údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú chun na hoibleagáidí atá curtha air leis an gcoinbhinsiún a chomhlíonadh.
Ní mór do na húdaráis sin comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú lena chéile, chomh maith le comhar a chur chun cinn i gcásanna dá leithéid i measc a n-údarás náisiúnta.
Cinneadh 2003/93/CE ón gComhairle an lena n-údarófar do na Ballstáit, chun leasa an Chomhphobail, Coinbhinsiún na Háige 1996 a shíniú maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas, forghníomhú agus comhar i dtaca le freagracht tuismitheoirí agus le bearta chun leanaí a chosaint (IO L 48, , lgh. 1-2)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cinneadh 2008/431/CE ón gComhairle an lena n-údarófar do na Ballstáit, chun leasa an Chomhphobail, Coinbhinsiún na Háige 1996 a dhaingniú, nó a aontú maidir le Dlínse, an Dlí is Infheidhme, Aitheantas, Forghníomhú agus Comhar i dtaca le Freagracht Tuismitheoirí agus le Bearta chun Leanaí a Chosaint agus lena n-údarófar do Bhallstáit áirithe dearbhú a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha inmheánacha ábhartha um dhlí an Chomhphobail - Coinbhinsiún maidir le Dlínse, an Dlí is Infheidhme, Aitheantas, Forghníomhú agus Comhar i dtaca le Freagracht Tuismitheoirí agus le Bearta chun Leanaí a Chosaint (IO L 151, , lgh. 36-48)