Leagtar amach leis nósanna imeachta agus coinníollacha chun víosaí gearrfhanachta a eisiúint le haghaidh cuairteanna ar limistéar Schengen nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.
Leagtar amach leis freisin rialacha maidir le víosaí idirthurais aerfoirt.
PRÍOMHPHOINTÍ
Nósanna imeachta agus coinníollacha chun víosaí a eisiúint
Is é Ballstát an Aontais Eorpaigh (AE) arb é an t-aon cheann scríbe nó príomhcheann scríbe na cuairte atá freagrach as an iarratas ar víosa a scrúdú. Mura féidir an príomhcheann scríbe a chinneadh, is í tír na chéad iontrála isteach i limistéar Schengen a bheidh freagrach as.
Iarratais
Féadfaidh an t-iarratasóir, idirghabhálaí tráchtála creidiúnaithe nó cumann nó institiúid ghairmiúil, chultúrtha, spóirt nó oideachais iarratas ar víosa a chur isteach thar ceann a comhaltaí/chomhaltaí.
De ghnáth ní mór iarratais a chur isteach laistigh de 6 mhí suas go 15 lá ón gcuairt atá beartaithe (9 mí do mharaithe).
Féadfaidh víosa aonfhoirmeach (bailí do limistéar iomlán Schengen) a bheith le haghaidh víosaí il-iontrála a bhfuil bailíocht uasta 5 bliana leo.
Féadfar víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta leis (teoranta do Bhallstáit áirithe) a eisiúint go heisceachtúil i gcásanna, i gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha iontrála go léir, ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta, mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta nó i gcásanna ina gcuireann tíortha Schengen eile a dtéitear i gcomhairle leo i gcoinne víosa a eisiúint.
Inghlacthacht
Tar éis a fhíorú cé acu atánó nach bhfuil an t–iarratas inghlactha (i.e. curtha isteach de réir na rialacha), ní mór don údarás inniúil:
tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an iarratas chun an méid seo a leanas maidir leis an iarratasóir a sheiceáil:
go gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha iontrála mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2016/399 ina leagtar amach Cód Teorainneacha Schengen (féach an achoimre),
nach mbaineann riosca inimirce neamhrialta ná bagairt do shlándáil na tíre leis nó léi, agus
go bhfuil sé beartaithe aige nó aici imeacht sula rachaidh an víosa in éag.
Faoi Rialachán leasaitheach (AE) 2021/1134, dhéanfaí seiceálacha cúlra ar iarratasóirí a neartú sula nglacfaí cinneadh i dtaobh víosa a thabhairt. Leagtar amach rialacha agus nósanna imeachta i gcomhair cuardaigh i mbunachair sonraí AE íogaire agus neamhíogaire ina bhfuil faisnéis slándála agus imirce. Agus é i bhfeidhm, beidh ar Bhallstáit aitheantóirí bithmhéadracha d’íomhá aghaidhe agus 10 méarloirg (le haghaidh stóráil sa VIS) an iarratasóra a bhailiú, agus ní mór don iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta nuair atá an chéad iarratas á chur isteach agus ina dhiaidh sin gach 59 mí ar a laghad as sin amach.
Má tá an t-iarratas neamhinghlactha, bheadh ar an údarás:
an fhoirm iarratais agus na doiciméid tacaíochta a chur ar ais; gan tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh orthu;
aon sonraí bithmhéadracha a bailíodh a scriosadh; agus
an táille víosa a aisíoc.
Víosa idirthurais aerfoirt
Teastaíonn víosa idirthurais aerfoirt ó náisiúnaigh tíortha nach tíortha de chuid AE iad atá liostaithe in Iarscríbhinn IV chun dul trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt i limistéar Schengen. I gcásanna práinneacha ina mbeidh insreabhadh mór d’inimircigh neamhrialta, féadfaidh aon Bhallstát an ceanglas sin a leathnú chuig náisiúnaigh tíortha eile nach tíortha de chuid AE iad.
Agus iarratas á dhéanamh ar víosa idirthurais aerfoirt, ní mór don iarratasóir cruthúnas ar na pointí imeachta agus pointí cinn scríbe a sholáthar, comhleanúnachas an chúrsa taistil agus cruthúnas ar an turas ar aghaidh chuig an gceann scríbe deiridh a chur i láthair.
Víosaí il–iontrála
Féadfar víosaí il-iontrála lena bhfuil bailíocht fhada a eisiúint le haghaidh iontráil amháin, dhá iontráil nó roinnt iontrálacha. Leagtar amach sa Chód maidir le Víosaí rialacha i ndáil le víosaí il-iontrála a eisiúint a bhfuil bailíocht níos faide leo de réir a chéile:
bliain, má d’úsáid an t-iarratasóir trí víosa laistigh den 2 bhliain roimhe sin;
dhá bhliain, má d’úsáid an t-iarratasóir víosa il-iontrála bliana cheana laistigh den tréimhse 2 bhliain roimhe sin;
cúig bliana, má d'úsáid an t–iarratasóir víosa il–iontrála 2 bhliain cheana laistigh den tréimhse 3 bliana roimhe sin.
Ní chuirtear víosaí idirthurais aerfoirt agus víosaí atá teoranta do thíortha áirithe san áireamh agus cinntí á ndéanamh maidir le víosaí il-iontrála a bhfuil bailíocht fhada ag baint leo a eisiúint.
Víosaí arna n-eisiúint ag na teorainneacha seachtracha
Go heisceachtúil, féadfar iarratas ar víosa a chur isteach le haghaidh fanacht uasta 15 lá, nó chun an t–am a theastaíonn chun idirthuras a chlúdach, ag teorainn sheachtrach thír chinn scríbe Schengen.
Ní eisítear víosa, i bprionsabal, ag an teorainn sheachtarach do náisiúnach tríú tír nach bhfuil iniúchadh na n-amas ó sheiceálacha uathoibrithe bhunachair sonraí AE curtha i gcrích. D’fhéadfaí víosa le bailíocht chríochach theoranta i gcomhair chríoch an Bhallstáit eisiúna a eisiúint dá leithéid de dhuine i gcásanna eisceachtúla, áfach.
Cinntí maidir le hiarratais ar víosaí
Measann an t–údarás cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha iontrála atá leagtha amach i gCód Teorainneacha Schengen.
Diúltaítear víosa má bhaineann aon cheann acu seo a leanas leis an iarratasóir:
cuireann sé nó sí doiciméad taistil bréagach i láthair;
tugann sé nó sí údar neamhleor leis an bhfanacht atá beartaithe;
ní sholáthraíonn sé nó sí cruthúnas leordhóthanach ar acmhainn chun fanacht nó chun filleadh abhaile;
bhí sé nó sí ina ábhar nó ina hábhar foláirimh i gcóras faisnéise Schengen (CFS) arna chur ar bun faoi Rialachán (AE) 2018/1860 (féach an achoimre) chun cead isteach a dhiúltú dó nó di;
meastar go bhfuil sé nó sí ina bhagairt ar bheartas poiblí, ar shlándáil inmheánach, ar shláinte poiblí nó ar chaidreamh inmheánach thíortha AE;
níl árachas liachta taistil leordhóthanach aige nó aici.
Is é 15 lá ar a mhéad an spriocdháta ginearálta do chinneadh, a fhéadfar a shíneadh go dtí 45 lá ar a mhéad i gcásanna aonair, go háirithe nuair is gá grinnscrúdú breise a dhéanamh ar an iarratas.
Cuirtear cinneadh maidir le diúltú agus na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe in iúl don iarratasóir ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.
Tá sé de cheart ag daoine ar diúltaíodh dá víosa achomharc a dhéanamh.
Comhar maidir le hathligean isteach
Déanann an Coimisiún Eorpach comhar ó thíortha nach tíortha de chuid AE iad a mheas maidir le himircigh neamhrialta a athligean isteach, le teorainneacha a bhainistiú agus smuigleáil imirceach agus idirthuras imirceach neamhrialta a rialú agus a chosc a chur san áireamh.
I gcás nach mbíonn tír de chuid AE ag comhoibriú, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le rialacha áirithe a chur i bhfeidhm go sealadach ar bhealach sriantach. Os a choinne sin, má tá tír ag comhoibriú go leordhóthanach, féadfar rialacha áirithe a chur i bhfeidhm ar bhealach níos flaithiúla.
Meas ar dhínit an duine agus cearta bunúsacha
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2021/1134, tugtar isteach coinníollacha nach mór do bhaill foirne údaráis chonsalacha agus lárnacha na mBallstát meas iomlán a bheith acu ar dhínit an duine agus na cearta bunúsacha agus prionsabail de réir mar a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha AE agus a ndualgais á ndéanamh acu. Ní dhéanfaidh siad idirdhealú ar dhaoine bunaithe ar ghnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Leasuithe agus aisghairmeacha
Leis an Rialachán leasaitheach (AE) 2021/1134, leasaítear chomh maith an rialachán VIS a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 (féach an achoimre) agus Cód Teorainneacha Schengen, mar aon le hAirteagail 9-17 den choinbhinsiún lena gcuirtear i bhfeidhm Comhaontú Schengen agus na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha.
Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leVíosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, , lgh. 1-58).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, , lgh. 11-87).
Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, , lgh. 1-13).
Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, , lgh. 14-55).
Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, , lgh. 39-58).
Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, , lgh. 1-71).
Rialachán (AE) 2016/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le doiciméad taistil Eorpach a bhunú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus lena n-aisghairtear Moladh ón gComhairle an (IO L 311, , lgh. 13-19).
Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, , lgh. 1-52).
Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, , lgh. 60-81).
Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid (CFS II) (IO L 381, , lgh. 4-23).