Comhar AE i gcúrsaí coiriúla — cosaint sonraí pearsanta (go dtí 2018)
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Réime 2008/977/CGB — maidir le cosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH RÉIME?
Is é is aidhm leis cearta agus saoirsí bunúsacha daoine a chosaint nuair a dhéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionós coiriúil a fhorghníomhú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
-
Baineann an cinneadh réime seo le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i bpáirt nó a phróiseáiltear go hiomlán trí mhodh uathoibríoch (ag baint úsáid as teicneolaíocht faisnéise) agus le sonraí pearsanta atá ina gcuid de chóras comhdaithe agus a phróiseáiltear trí mhodh neamh-uathoibríoch (i.e. daoine).
Próiseáil sonraí
-
Féadfaidh údaráis inniúla thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) sonraí pearsanta a bhailiú le haghaidh cuspóirí sonraithe, soiléire agus dlisteanacha amháin. Ní cheadaítear próiseáil na sonraí sin ach amháin chun na críocha ar chucu ar bailíodh iad. Ní cheadaítear próiseáil chun críocha eile ach amháin faoi chúinsí áirithe nó nuair atá cosaintí iomchuí áirithe i bhfeidhm (e.g. amhail na sonraí a dhéanamh anaithnid).
-
I bprionsabal, ní phróiseálfar sonraí pearsanta a nochtfaidh tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, ballraíocht i gceardchumann nó sonraí maidir lena shláinte/lena sláinte nó maidir le saol gnéis duine. Ní fhéadfar á bpróiseáil a cheadú ach amháin má tá sé fíor-riachtanach agus má tá cosaintí iomchuí bunaithe.
-
Ní mór sonraí pearsanta míchruinne a cheartú agus a thabhairt cothrom le dáta nó a chomhlánú más féidir. Nuair nach mbeidh gá a thuilleadh leis na sonraí chun na críocha ar chucu ar bailíodh iad, ní mór iad a scriosadh, a dhéanamh anaithnid nó, i gcásanna áirithe, a bhlocáil. Ní mór athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí pearsanta a stóráil, agus teorainneacha ama a shocrú lena scriosadh.
-
Ní mór d’údaráis inniúla thíortha AE a fhíorú go bhfuil na sonraí pearsanta atá le tarchur nó le cur ar fáil, cruinn, cothrom le dáta agus comhlánaithe. Le bheith ábalta a fhíorú go bhfuil próiseáil sonraí dleathach agus chun sláine agus slándáil na sonraí a chinntiú, ní mór á dtarchur a logáil nó a thaifeadadh.
Tarchur sonraí
-
Ní phróiseálfar sonraí pearsanta a fhaightear ó thír eile AE ach amháin chun na críocha ar chucu ar tarchuireadh iad. I gcásanna áirithe, áfach, féadfar iad a phróiseáil chun críocha eile, mar shampla, chun cionta eile a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, chun pionóis choiriúla eile a fhorghníomhú nó chun bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc. Ní mór don tír fhála srianta sonracha ar bith ar mhalartuithe sonraí dá ndéantar foráil i ndlí na tíre tarchuir a urramú.
-
Faoi chúinsí áirithe, féadfaidh tír fhála AE sonraí pearsanta a aistriú chuig tíortha neamh-AE nó chuig comhlachtaí idirnáisiúnta. Chun na críche sin, ní mór don tír AE a chuir na sonraí ar fáil ar dtús a toiliú a thabhairt. Ní fhéadfar sonraí a aistriú gan toiliú roimh ré ach i gcásanna práinneacha. Féadfar sonraí pearsanta a aistriú chomh maith chuig páirtithe príobháideacha i dtíortha AE chun críocha eisiacha, ar an gcoinníoll gur thug údarás inniúil na tíre óna bhfuarthas na sonraí a thoiliú.
Cearta ábhair na sonraí
-
Ní mór ábhar na sonraí a choinneáil ar an eolas faoi aon bhailiú nó faoi aon phróiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis/léi. Mar sin féin, nuair a bheidh na sonraí tarchurtha ó thír AE amháin go tír AE eile, féadfaidh an chéad tír AE a éileamh nach nochtfaidh an dara tír AE faisnéis ar bith don ábhar.
-
Féadfaidh ábhar na sonraí a iarraidh go dtabharfaí deimhniú dó/di maidir le
-
ar tarchuireadh nó nár tarchuireadh a sonraí,
-
cé hiad na faighteoirí, cad iad na sonraí atá á bpróiseáil, chomh maith le
-
deimhniú go ndearnadh na fíoruithe riachtanacha maidir leis na sonraí sin.
-
I gcásanna áirithe, féadfaidh tíortha AE srian a chur ar rochtain an ábhair ar an bhfaisnéis. Ní mór cinneadh ar bith lena gcuirtear srian ar rochtain a thabhairt i scríbhinn d’ábhar na sonraí, mar aon leis na cúiseanna fíorasacha agus dlíthiúla leis. Ní mór comhairle a thabhairt d’ábhar na sonraí chomh maith maidir lena gceart achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh dá leithéid.
-
Féadfaidh ábhar na sonraí a éileamh go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis/léi a cheartú, a scriosadh nó a bhlocáil. Ní mór diúltú ar bith chuige sin a thabhairt i scríbhinn, mar aon le faisnéis ar bith ar an gceart gearán a chur isteach nó leigheas breithiúnach a lorg.
-
Féadfaidh duine ar bith cúiteamh a éileamh as damáistí a tharla dóibh i ngeall ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta nó i ngeall ar ghníomh ar bith eile nach bhfuil comhoiriúnach leis an gcinneadh réime seo. I gcás go ndéantar cearta ábhair a shárú, tá an ceart chun leighis bhreithiúnaigh acu.
Próiseáil sonraí a chosaint
-
Ní mór do na húdaráis inniúla na bearta slándála is gá a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint i gcoinne aon foirm neamhdhleathach próiseála. Áirítear air sin caillteanas tionóisceach, leasú agus nochtadh neamhdhleathach de shonraí pearsanta chomh maith le rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta. Go sonrach, ní mór bearta sonracha a dhéanamh maidir le sonraí a phróiseáil go huathoibríoch.
-
Déanann údaráis náisiúnta maoirseachta i dtíortha AE monatóireacht ar chur chun feidhme an chinnidh réime seo agus tugann siad comhairle maidir leis. Chun na críche sin, tugtar cumhachtaí imscrúdaitheacha, cumhachtaí éifeachtacha idirghabhála, agus an chumhacht chun tabhairt faoi imeachtaí dlíthiúla dóibh. Maidir le sáruithe ar bith ar fhorálacha an chinnidh réime seo, ní mór do thíortha AE pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bhunú.
Aisghairm
Déantar Cinneadh Réime 2008/977/CGB a aisghairm le Treoir (AE) 2016/680 le héifeacht ón 6 Bealtaine 2018.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH RÉIME?
Tá sé i bhfeidhm ón 19 Eanáir 2009.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le cosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lgh. 60-71)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131)
Nuashonraithe 26.10.2016