Geobhlocáil

Is éard is geobhlocáil ann ná cleachtas idirdhealaitheach trádálaí lena gcuirtear cosc ar chustaiméirí ar líne rochtain a fháil ar tháirgí nó ar sheirbhísí a thairgtear ar shuíomh gréasáin atá bunaithe i dtír eile agus na táirgí nó na seirbhísí sin a cheannach, mar shampla trí rochtain ar shuíomhanna gréasáin thar theorainneacha a bhlocáil. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist léi freisin go ndiúltófaí an deis ordú a dhéanamh, nó earraí nó seirbhísí a cheannach agus láithreán gréasáin ón gcoigríoch á rochtain.

In 2018, ghlac an tAontas Eorpach (AE) reachtaíocht (Rialachán (AE) 2018/302) maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh de mhargadh inmheánach AE. Bhí an rialachán ina chuid de phacáiste ríomhthráchtála mar aon le togra reachtach maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann agus togra reachtach maidir le forfheidhmiú ceart tomhaltóirí a neartú.

FÉACH FREISIN