Is é an aidhm atá léi códú a dhéanamh ar Threoir 83/183/CEE maidir le díolúintí cánach is infheidhme maidir le maoin phearsanta1 daoine aonair a thabhairt isteach go buan ó thír eile AE.
Tugtar díolúine leis an treoir seo maidir le maoin phearsanta arna tabhairt isteach go buan ó thír eile AE ag daoine príobháideacha ó chánacha tomhaltais a bheadh infheidhme i leith na maoine sin de ghnáth.
Níor cheart an mhaoin sin a bheith de chineál tráchtála ná a bheith beartaithe le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch. Ní mór plé leis na huirlisí atá riachtanach chun ceird nó gairm duine a chleachtadh mar mhaoin phearsanta, áfach.
Ní féidir díolúine a thabhairt maidir le capaill mharcaíochta, mótarfheithiclí bóthair (agus a leantóirí san áireamh), carbháin, tithe soghluaiste, báid phléisiúir agus aerárthaí príobháideacha ach amháin sa chás go n–aistríonn an duine aonair lena mbaineann a ghnáth-áit chónaithe2 chuig tír is ceann scríbe AE.
Níl cead mótarfheithiclí bóthair (agus a leantóirí san áireamh), carbháin, tithe soghluaiste, báid phléisiúir agus aerárthaí príobháideacha a dhiúscairt, a ligean ar cíos nó a ligean ar iasacht le linn an 12 mhí tar éis iad a thabhairt isteach saor ó cháin, ach amháin i gcúinsí a bhfuil na húdaráis inniúla sa spriocthír AE sásta go bhfuil údar maith leo.
Is féidir an mhaoin a thabhairt isteach ag aon am amháin nó i gcéimeanna, agus ar aon cheann de na cúiseanna a leanas:
Cé is moite d’earraí áirithe, tá sé de cheart ag tíortha AE coinníollacha níos liobrálaí a choimeád nó a thabhairt isteach maidir le díolúine cánach a thabhairt seachas na cinn sin atá luaite sa treoir seo.
Tá feidhm léi ón . Le Treoir 2009/55/AE rinneadh Treoir 83/183/CCE a chódú agus cuireadh an treoir sin ina hionad, agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Treoir 2009/55/CE ón gComhairle an maidir leis na díolúintí cánach is infheidhme maidir le maoin phearsanta daoine aonair a thabhairt isteach go buan ó Bhallstát (Leagan códaithe) (IO L 145, , lgh. 36-41)
nuashonrú is deireanaí