Treoir 2008/118/CE – socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil
Tugtar isteach léi socruithe comhchuibhithe do tháirgí atá faoi réir dleacht mháil d’fhonn a saorchúrsaíocht a ráthú agus dá bhrí sin feidhmiú ceart mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh (AE).
Bunaítear leis an treoir seo na socruithe ginearálta maidir le dleachtanna máil a bhfuil feidhm acu maidir le:
Tá na táirgí seo faoi réir dleachtanna máil sna cásanna a leanas:
Fad is nach n eascraíonn foirmiúlachtaí trasteorann laistigh de AE dá mbarr, féadfaidh Ballstáit AE cánacha a chur i bhfeidhm ar an méid seo a leanas chomh maith:
Tá feidhm ag an treoir seo maidir le críoch AE seachas roinnt eisceachtaí, amhail:
Inmhuirireacht, aisíocaíocht, díolúine
Tá na dleachtanna máil inmhuirearaithe tráth a scaoilte lena dtomhailt sa Bhallstát lena mbaineann. Is é an duine atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc go ginearálta an coimeádaí stórais údaraithe nó an coinsíní cláraithe.
Maidir leis na Ballstáit:
Tá táirgí atá faoi réir dleacht mháil díolmhaithe ó dhleacht mháil a íoc i gcás ina mbeartaítear iad a úsáid mar a leanas:
Féadfaidh Ballstáit a bheith díolmhaithe freisin ó tháirgí atá faoi réir dleacht mháil a sholáthraíonn siopaí saor ó cháin a íoc, earraí a iompraítear i mbagáiste pearsanta daoine atá ag taisteal chuig tír nach tír de AE í ar eitilt nó ar thuras farraige.
Táirgeadh, próiseáil agus sealbhú
Leagann gach Ballstát rialacha síos maidir le táirgeadh, próiseáil agus sealbhú earraí máil. I gcás nár íocadh an dleacht mháil fós, ní mór táirgeadh, próiseáil agus sealbhú earraí máil a dhéanamh i stóras cánach.
Gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí
I gcás go bhfuil earraí máil faoi “shocrú fionraí dleachta”, tá an dleacht mháil á chur ar fionraí ó tháirgeadh, próiseáil, sealbhú nó gluaiseacht earraí máil.
Féadfar earraí máil a bhogadh, faoi shocrú fionraí dleachta laistigh de AE, ó stóras cánach nó ó áit allmhairithe chuig:
Ní mór gluaisteacht earraí máil i bprionsabal a dhéanamh faoi chumhdach doiciméid leictreonaigh riaracháin mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 684/2009, arna leasú le déanaí le Rialachán (AE) 2021/2265.
Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ráthaíocht a iarraidh ar an gcoimeádaí stórais údaraithe nó ar an gcoinsíneoir cláraithe ina gcumhdaítear na rioscaí ar gné dhílis iad sa ghluaiseacht a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí. I bprionsabal, is féidir le páirtí eile an ráthaíocht a sholáthar.
Beidh an ráthaíocht bailí ar fud an Aontais Eorpaigh agus is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na rialacha mionsonraithe.
Gluaiseachtaí agus cánachas ar earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena n úsáid
Nuair a scaoilfear earraí máil lena n úsáid, beidh an méid seo a leanas i gceist leis na hearraí máil:
Féadfar dleachtanna máil ar earraí a fhaigheann duine aonair príobháideach dá (h)úsáid phearsanta féin, agus a iompraíonn sé/sí ó Bhallstát amháin go Ballstát eile a ghearradh i dtír AE ina bhfuarthas na hearraí agus sa tír sin amháin. Lena chinneadh cibé an bhfuil na hearraí máil beartaithe do dhuine aonair príobháideach nó nach bhfuil, cuireann na Ballstát an méid seo a leanas san áireamh:
I gcás go ndéantar earraí máil atá beartaithe lena n-úsáid i mBallstát chun críocha tráchtála i mBallstát eile, beidh na táirgí faoi réir dhleachtanna máil an dara Ballstáit. Féadfar dleachtanna máil a íocadh sa chéad Bhallstát a aisíoc.
I gcás ciandíola ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ní mór don díoltóir nó dá ghníomhaire dleacht mháil a íoc sa Bhallstát cinn scríbe.
Féadfar na Ballstáit a cheangal go mbeidh marcanna cánach marcanna aitheantais náisiúnta ar earraí máil.
Aisghairm
Aisghairfear Treoir 2008/118/CE le Treoir (AE) 2020/262 agus cuirfear an treoir sin ina hionad (féach an achoimre) ón 13 Feabhra 2023 i leith.
Tá feidhm léi ón 15 Eanáir 2009 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoi 2010.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil lena n aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lgh. 12-30).
Rinneadh leasuithe agus athruithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/118/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle i ndáil leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lgh. 24-64).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 08.11.2021