Sábháilteacht bia — ón bhfeirm go dtí an forc

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 maidir le sláinteachas earraí bia

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é an príomhphrionsabal go gcaithfidh gach duine a oibríonn sa ghnó bia a áirithiú go ndéanfar bia a láimhseáil ar bhealach sláinteach agus sábháilte, i.e. saor ó éilliú ó ghuaiseacha bia–iompartha, ag gach céim den phróiseas táirgthe. Baintear é sin amach trí:

Dea–chleachtais sláinteachais

In Iarscríbhinn I leagtar síos an dea–chleachtas sláinteachais is infheidhme le linn chéim an táirgthe phríomhúil (i.e. feirmeoireacht, sealgaireacht nó iascaireacht), agus le linn iompar, láimhseáil agus stóráil táirgí príomhúla agus iompar ainmhithe beo.

Baineann an dea–chleachtas sláinteachais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II le hoibreoirí bia i ndiaidh an táirgthe phríomhúil (seamlais, monarchana próiseála, miondíoltóirí, etc.) agus clúdaítear ann réimsí amhail:

Nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail AGPRC

Ba cheart do ghnólachtaí san earnáil bhia (seachas iad siúd a bhfuil baint acu le táirgeadh príomhúil) nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail AGPRC a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabail ghinearálta um shláinteachas bia Codex Alimentarius. Áirítear leis na prionsabal sin:

Moltar go bhforbrófar treoir náisiúnta agus treoir AE chun an dea–chleachtas sláinteachais agus nósanna imeachta AGPRC a chur chun feidhme in earnáil bhia ar leith.

Ceanglais eile maidir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004

I gcás go gceanglaítear é le reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht AE, ní mór do ghnólachtaí san earnáil bhia a bheith faofa agus ní mór do na háitribh ar fad a bheith cláraithe leis an údarás cuí, agus cead a thabhairt don údarás sin cuairt a thabhairt orthu agus comhlíonadh na gceanglas sláinteachais a dheimhniú.

Ní mór do bhia a allmhairítear isteach in AE agus bia de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear cloí le caighdeáin AE nó a gcoibhéis, agus le ceanglais ar bith eile a d’fhéadfadh an tír allmhairiúcháin a fhorchur.

Reachtaíocht dhlúthbhainteach AE

Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 (féach an achoimre) rialacha breise sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch, mar shampla feoil, táirgí iascaigh agus cáiseanna.

Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí um bia AE (féach an achoimre), forlíontar na ceanglais sláinteachais freisin trí oibleagáidí a leagan síos maidir le hinrianaitheacht1 bhia agus trína cheangal má fhaightear go bhfuil coinsíneacht bhia ina riosca tromchúiseach don tsláinte, go gcaithfidh gnólacht bia an bia sin a aistarraingt láithreach ón margadh, agus é a chur in iúl d’úsáideoirí agus don údarás ábhartha.

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004

Leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta, lena n–áirítear leis na rialacháin seo a leanas:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Inrianaitheacht. An cumas bia nó ainmhí a tháirgeann bia a rianú agus a leanúint trí gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, , lgh. 1–54). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 226, , lgh. 3–21).

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí