Comhlacht ullmhúcháin na Comhairle

Tacaíonn Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát chuig an Aontas Eorpach (Coreper) agus meithleacha agus coistí speisialaithe le Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Cuidíonn na comhlachtaí ullmhúcháin sin le hobair na Comhairle a ullmhú. Tá siad comhdhéanta de thoscairí ó gach Ballstát AE agus tugann Ardrúnaíocht na Comhairle cúnamh dóibh.

Féadfar coistí, grúpaí agus meithleacha a bhunú leis na Conarthaí, le cinntí idir–rialtasacha, le gníomh ón gComhairle nó le Coreper. Is féidir leo a bheith buan (mar shampla, an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais dá bhforáiltear le hAirteagal 134 CFAE) nó d’fhéadfaí iad a chruthú ar bhonn ad hoc le haghaidh cuspóir sonrach agus deireadh a chur leo nuair a bheidh a gcúram comhlíonta.

Féadfaidh cathaoirleach ceaptha nó cathaoirleach tofa, toscaire na tíre a bhfuil uachtaránacht rothlach 6 mhí na Comhairle aici, ionadaí d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó Ardrúnaíocht na Comhairle cathaoirleacht a dhéanamh orthu.

FÉACH FREISIN