Tá sé mar aidhm leis an treoir, ar a dtugtar Treoir MTC:
Baintear an cuspóir sin amach trína n–áirithiú go ndéanfar measúnú comhshaoil na dtionscadal áirithe poiblí agus príobháideach atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II den treoir (aerfoirt, suiteálacha núicléacha, iarnróid, bóithre, suiteálacha diúscartha dramhaíola, ionaid chóireála fuíolluisce, etc.).
Tá feidhm ag Treoir MTC maidir le réimse leathan tionscadal poiblí agus príobháideach.
Sainítear i dTreoir 2011/92/AE próiseas an mheasúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol (MTC) lena n–áirithítear go ndéanfar measúnú ar thionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol, sula ndéanfar iad a údarú.
Glacadh reachtaíocht leasaitheach (Treoir 2014/52/AE) in 2014. I gcomhréir leis an bhfeachtas le haghaidh rialáil chliste, déantar an méid seo a leanas léi:
Is iad seo a leanas na príomhleasuithe:
Oibrítear próiseas an MTC mar a leanas:
Tá comhairliúchán leis an bpobal ina ghné thábhachtach de phróiseas an MTC. Chun rannpháirtíocht éifeachtach an phobail a áirithiú, ní mór tuarascáil an MTC agus faisnéis eile a chur ar fáil a luaithe is féidir. Is féidir é sin a dhéanamh ar mhodh leictreonach, trí fhógraí poiblí nó trí fhógráin a phostáil nó trí na nuachtáin áitiúla.
Ní mór do na húdaráis cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta faoi cibé an ndéanfar nó nach ndéanfar tionscadal a cheadú. Ní mór dóibh ábhar cinnidh dhearfaigh a chur ar fáil don phobal, agus do chomhlachtaí comhshaoil, áitiúla agus réigiúnacha, lena n–áirítear na príomhchúiseanna ar chinn siad an tionscadal a cheadú agus na coinníollacha comhshaoil nó coinníollacha ar bith eile a chuirfidís leis an tionscadal. Má dhiúltaíonn siad do chead forbartha, ba cheart dóibh an fáth a thabhairt.
Féadfaidh tíortha AE coinníollacha níos déine a leagan síos agus pionóis le haghaidh sáruithe a shocrú.
Tá feidhm le Treoir 2011/92/AE ón . Déantar 4 threoir níos luaithe a chódú léi (85/337/CEE, 97/11/CE, 2003/35/CE agus 2009/31/CE) a ndearnadh dlí den chéad cheann díobh an .
Tá feidhm le Treoir 2014/52/AE ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (códú) (IO L 26, , lgh. 1-21)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/92/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí